Pancóga, pósadh agus plátaí páipéir

Beocheist/Éilis Ní Anluain: Máirt na hInide, ó initium quadragesimae na Laidine, is é sin "tosach an daichead lá" go dtí an …

Beocheist/Éilis Ní Anluain:Máirt na hInide, ó initium quadragesimae na Laidine, is é sin "tosach an daichead lá" go dtí an Cháisc. Tugtar quadragesima ar an chéad Domhnach sa Charghas agus uaidh sin, i ndialanna áirithe ar chaoi ar bith, tugtar quinquagesima, sexagesima agus septuagesima ar na Domhnaí roimhe sin, de réir líon na seachtainí idir iad agus Domhnach Cásca.

Ní aistriúcháin dhíreacha iad na hainmneacha atá ar an lá seo i dteangacha éagsúla. Tugann gach ceann acu léargas éagsúil ar an bhféile. Déanann Shrovetide an Bhéarla tagairt don nós dul chun faoistine ar Mháirt na hInide agus an dá lá roimhe sin.

Déanann Carnevale, is é sin "slán le feoil" na hIodáilise, óna dtagann Karneval na Gearmáinise, agus Mardi Gras, is é sin "Máirt na Saille", na Fraincise tagairt don bhféasta roimh thosach an Charghais.

Is breá an rud séasúir agus féilte na bliana ach tá gné amháin de laethanta speisialta na bliana a chuireadh díomá orm uaireanta, iad bheith mar bhunús leis an oiread sin den obair ealaíne a thagadh abhaile chugam ón mbunscoil. Ó thús ama tá an nádúr mar théama ag filí agus ag ealaíontóirí ach rud eile is ea "ealaíon phlátaí páipéir" mar phoncaíocht ar an scoilbhliain.

READ MORE

Ní hé go bhfuil athrú intinne tagtha orm i leith croíthe, seamróga agus sicíní an earraigh, maraon le taibhsí, fir sneachta agus San Nioclás an gheimhridh déanta de na plátaí céanna, ná fiú i leith cartúin de na híomhánna seanchaite céanna, cóip le dathú do gach duine sa rang, ach feictear dom go bhfuil athrú le sonrú ar obair na leanaí.

Ní monarcha an rang ealaíne a thuilleadh ag táirgeadh "earraí séasúrtha" do shiopaí Dhá Euro an bhaile ach stiúidió ealaíne ina dtagann na daltaí, le cúnamh ón múinteoir, ar a dtuairimí féin ar bhealaí le tabhairt faoi ábhar a bhfuil a gcuid smaoineamh féin déanta acu air. Eascraíonn a dtuairimí óna dtaithí féin, ó bhreathnú nó ó mhachnamh ar an saol mórthimpeall orthu agus dár ndóigh ar shaothair ealaíona freisin, bídís i leabhair nó i ngailearaí nó in áit ar bith eile, a gcuid oibre féin san áireamh, mar is cuid bhunúsach den phróiseas cruthaíoch cumas léirmheastóireachta. Cé a shamhlódh scríbhneoir nach léifeadh leabhair nó a bheadh sásta leis an chéad dréacht?

Aithníonn curaclam nua na bunscoile, atá á chur i bhfeidhm i ngach ábhar, go bhfuil breathnú agus mothú i gceist leis an ealaín chomh maith le déanamh. Tá liosta breá fada ceisteanna ar shuíomh Idirlín an churaclaim, www.pcsp.ie, a bhféadfaí leas a bhaint as gach uile lá le caint ar shaothair ealaíne agus ailtireachta. Maidir le déanamh tá sé ghné ann agus é i gceist go dtabharfaí fúthu ar fad gach uile bhliain: Líníocht; Péinteáil; Priontáil; Cré; Tógáil agus Éadach. Maidir leis na plátaí páipéir ní dóigh liom go bhfeictear anois iad ach ag cóisir agus bia séasúrtha orthu, b'fhéidir.

Deireadh an t-ailtire Michael Scott (1905-1989) go raibh muintir na hÉireann "visually illiterate". Ach sna blianta céanna bhíodh an t-eitneolaí Caoimhín Ó Danachair (1913-2002) ag moladh aesteitic ár n-ailtireacht dhúchais. In Foirgneamh na nDaoine (Cló Mercier 1975), deir sé gur "iondúil na foirmeacha a bheith símplí agus cothrom, ballaí agus díon i gcóiréir thaitneamhach le chéile, agus na gnéithe eile, simnéithe, póirsí, dóirse agus fuinneoga a bheith néata agus suite go cuí". Is dócha go raibh cuid den cheart ag an bheirt acu. Mar a dúirt an file Theo Dorgan anuraidh faoina chomhleacaí nua in Aosdána, Shelley Macnamara, an chéad ailtire ina measc, go "dtuigeann sí go gcaithfear tuiscint a bheith agat ar thraidisiún sula ndéanfaidh tú rud nua".

Ach ós é inniu Máirt na hInide, fillimis ar Ó Danachair agus a leabhar cáiliúil, The Year in Ireland (Cló Mercier 1972). Sa chaibidil ar an Inid tá dhá phictiúr ó leabhar Mr and Mrs S.C. Hall, Ireland: Its Scenery and Character (Londain 1841-3).

Líníochtaí is ea iad a thaispeánann dhá ghné den lá, pancóga agus pósadh. Baineann ithe na bpancóg le riail eaglaise go gcaifí staonadh ó fheoil, ó uibheacha agus ó bhainne le linn an Charghais agus riail eile in aghaidh pósadh sa Charghas ba chúis le póstaí na hInide. D'imrítí cluichí tairngreachta pósadh le linn ithe na bpancóg. Maidir le quadragesima: "Chalk Sunday" a thugtaí air mar go raibh an nós ann go gcuirfeadh buachaillí óga marc cailce ar chótaí na ndaoine a bhí fós gan pháirtí.