Plean fiche bliain

IS DÓCHA go mbíonn cuid agaibh a thagann ar cuairt ar an bparóiste seo ag déanamh imní faoi cheist na teanga agus go bhfuil cuid…

IS DÓCHA go mbíonn cuid agaibh a thagann ar cuairt ar an bparóiste seo ag déanamh imní faoi cheist na teanga agus go bhfuil cuid agaibh bailithe leis bheith ag fanacht ar fhreagra an Rialtais ar an gceist chasta chéanna.

Bhuel, ní cosúil go mbeidh aon radharc ar an bhfreagra sin roimh shos samhraidh na Dála agus gach cuma ar an scéal gur san Fhómhar, ar a luaithe, a chífear Plean Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge.

Idir an dá linn, más duine de na daoine sin tú a iompraíonn cros na Gaeilge ar do choinsias agus i do chroí, ná bíodh lagmhisneach ort mar tá straitéis bheag curtha i dtoll a chéile duit ag an gcolún seo a thabharfaidh beagáinín suaimhnis duit.

Tá sí simplí go maith mar straitéis. Dréachtaigh do Phlean Fiche Bliain féin don Ghaeilge. Bí chomh radacach nó coimeádach agus is maith leat ann. Leag síos spriocanna uaillmhianacha más maith leat nó ná cuir an iomarca dua ort féin más mar sin ab fhearr leat é. An t-aon mholadh a bheadh againn duit ná gan aon chur i gcéill a bheith ann. Bí réadúil faoin méid atá á gheallúint agat agus má tá coimitmint á thabhairt agat ná bíodh sé teibí nó ná tugadh sé aon bhealach éalaithe duit amach anseo.

READ MORE

Bí soiléir faoin méid atá le baint amach agat. D’fhéadfá geallúint a thabhairt go bhfoghlaimeoidh tú níos mó Gaeilge nó go labharfaidh tú níos mó den Ghaeilge atá agat, nó d’fhéadfá coimitmint a thabhairt go gceannóidh tú níos mó foilsiúchán Gaeilge nó go n-éileoidh tú níos mó seirbhísí as Gaeilge ón Stát. Nó d’fhéadfá geallúint a thabhairt, mar shampla, nach n-úsáidfidh tú focail mar ‘coimitmint’ níos mó. Fút féin atá.

An rud is fearr faoin gcur chuige seo nach dteastaíonn aon fhóram ná fochoiste uait nó aon staidéar féidearthachta nó plécháipéis. Déanfaidh cruinniú ‘ardleibhéal’ amháin leat féin tú. Ní gá fiú aon mhiontuairiscí a bhreacadh ná do phlean a leagan faoi bhráid éinne eile. Bain triail as. Tá teiripe ag baint leis agus n’fheadar ach go mbeadh toradh fónta ar an obair chomh maith.

Mar chabhair duit tá Plean Fiche Bliain don Ghaeilge an cholúin seo á fhoilsiú againn: mo Phlean Fiche Bliain don Ghaeilge – teacht slán agus an oiread sin di a thabhairt liom agus is féidir.


Iar-EagarthóirFoinse é Seán Tadhg Ó Gairbhí