Plean straitéiseach trí bliana le cur i bhfeidhm ar RnaG

TÁ TÚS curtha ag bainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta le forbairt plean straitéiseach trí bliana don stáisiún, a scríobhann …

TÁ TÚS curtha ag bainistíocht RTÉ Raidió na Gaeltachta le forbairt plean straitéiseach trí bliana don stáisiún, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

I meamram a scaipeadh ar fhoireann RnaG le déanaí thug bainistíocht an stáisiúin le fios go ndéanfadh an plean nua “léirmheas agus scrúdú cuimsitheach ar chuile ghné den tseirbhís”.

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an aer i mbliana, ach tá tréimhse chinniúnach roimh an stáisiún atá ag dul i ngleic faoi láthair le ciorruithe buiséid, cosc ar earcaíocht agus dúshláin éagsúla eile.

I measc na ndúshlán a aithinítear sa mheamram foirne, a bhfuil cóip de feicthe ag an gcolún seo, tá an t-athrú déimeagrafach atá tagtha ar phobal labhartha na Gaeilge agus conas freastal ar an athrú sin.

READ MORE

Déanfaidh an plean scrúdú chomh maith ar na “féidearthachtaí maidir le cur le próifíl agus lucht éisteachta an stáisiúin i measc iad siúd nach labhraíonn Gaeilge”.

Is leir ón meamram leis go mbeidh béim ar leith sa phlean nua ar ról RnaG laistigh de sheirbhís chraoltóireachta Ghaeilge RTÉ. Díreoidh an plean ar an gcaidreamh idir RnaG agus RTÉ, ar an “éifeachtúlacht agus comhoibriú” idir seirbhísí Gaeilge RTÉ agus ar “luach RnaG do RTÉ”.

Mar chuid den phleanáil tá an bhainistíocht ag lorg thuairimíocht na foirne maidir lena ról laistigh de RTÉ.

Tá plean straitéiseach RnaG á chur le chéile ag tráth a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag RTÉ féin ar a sholáthar Gaeilge agus an costas a bhaineann leis. Tá an t-athbhreithniú sin ag díriú, i measc rudaí eile, ar na féidearthachtaí maidir le cónascadh a dhéanamh idir NuachtTG4 agus seirbhís nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Thug Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuirreáin, le fios don cholún seo inné go raibh plean trí bliana RnaG á chur le chéile neamhspleách ar athbhreithniú RTÉ. Dúirt sí go raibh sé tábhachtach go ndéanfadh an craoltóir “scrúdú” ar gach gné dá sheirbhís go rialta

I measc na ngnéithe eile de sheirbhís RnaG a ndíreoidh an plean orthu, tá ról RnaG sa straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; caighdeán na Gaeilge ar an stáisiún; ról RnaG in oideachas na Gaeilge; agus caidreamh RnaG lena lucht éisteachta.