Priomh-mholtai

{lead}

  • Go mbunófar roinn Stáit a bheidh freagrach as gach gné de shaol na Gaeltachta agus go ndéanfar forbairt chomhréiteach ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta
  • Go mbeidh an eagraíocht seo tionscantach agus ceannródaíoch agus go bhféadfaidh sé chuige go n-ullmhófar agus go bhfeidhmeofar plean straitéiseach cuimsitheach agus comhtháite don Ghaeltacht, arbh í an Ghaeilge mar theanga pobail a chroílár;
  • Go mbeidh an freastal a dhéanann an Státchóras ar phobal na Gaeltachta ar aon chaighdeán leis sin atá ar fáil ar fud an Stáit agus go mbeidh an tseirbhís sin ar fáil go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge;
  • Go gcuirfear an curaclam scoile in oiriúint don Ghaeltacht;
  • Go mbeidh na heagraíochtaí craolacháin in acmhainn a gcúraimí i leith na Gaeilge a chomhlíonadh; chuige sin is gá, ach go háirithe, cur le buiséad TG4;
  • Go dtabharfar aghaidh ar dhúshlán na bréag-Ghaeltachta trí féachaint chuige go mbeidh ionracas ag baint leis mar limistéar agus le gach a ghabhann leis.