Roisin bhinn

Is í an t-amhránaí sean-nóis, Róisín Elsafty, atá anois i mbun chlub amhránaíochta Bhré, An Béal Binn, agus í fostaithe mar fheidhmeannach…

Is í an t-amhránaí sean-nóis, Róisín Elsafty, atá anois i mbun chlub amhránaíochta Bhré, An Béal Binn, agus í fostaithe mar fheidhmeannach ealaíon. Is é aidhm an chlub na healaíona béil i nGaeilge a chur chun cinn i gCill Mhantáin.

Dúirt Elsafty go raibh sí "ag tnúth go mór bualadh le muintir Bhré Chualainn agus leanacht ar aghaidh leis an obair iontach. Leanfaidh mé ar aghaidh leis na drámaí, an fhilíocht agus, ar ndóigh, an amhránaíocht."

De bhunadh Chonamara í Elsafty: "Is amhránaí sean-nóis mé ó bhí mé beag bídeach." Thug sí ceardlanna sa sean-nós ar fud na tíre agus thaistil ar fud an domhain; chan sí in Albain, sa Fhrainc, sa Spáinn, sa Bheilg, san Íoslainn agus sa tSín: "Ba mhór an spórt domsa aitheantas a thabhairt don sean-nós agus é a mhíniú do dhaoine nua."

Bhí sé ar intinn aici "díriú isteach ar scéalaíocht, lúibíní agus agallaimh bheirte. Mar is gnách, beidh Club an Bhéil Bhinn ar siúl gach uile oíche Dhéardaoin ar a hocht. Beidh mé ag súil go mór le scoth na n-aíonna as gach ceárd don tír."