Rónán an raidió

IS É an dúshlán is mó atá roimh RTÉ Raidió na Gaeltachta ná caighdeán na seirbhíse a chosaint ó bhrú acmhainní agus foirne, dar…

IS É an dúshlán is mó atá roimh RTÉ Raidió na Gaeltachta ná caighdeán na seirbhíse a chosaint ó bhrú acmhainní agus foirne, dar le Rónán Mac Con Iomaire, leascheannaire nuacheapaithe an stáisiúin, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

“Is é an rud is tábhachtaí ná caighdeán an tsoláthair a chinntiú agus fiú cur leis in ainneoin go bhfuil fadhbanna acmhainní, airgeadais agus foirne ag an gcraoltóireacht phoiblí i gcoitinne faoi láthair,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Dúirt sé go raibh ag éirí le RnaG forbairt a dhéanamh i gcónaí in ainneoin na gciorruithe a bhí curtha i bhfeidhm ar an stáisiún:

“Sílim go bhfuil ag éirí le RnaG agus go dtuigtear gurb é an botún is mó a d’fhéadfaí a dhéanamh ná glacadh leis nach bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh mar gheall ar na fadhbanna atá ann faoi láthair.”

READ MORE

Dúirt sé go raibh “ardmheas” aige ar an tseirbhís atá á cur ar fáil ag an stáisiún le beagnach 40 bliain anuas agus go raibh sé ag súil le ról a bheith aige “i gcosaint agus i dtreisiú an stádais atá bainte amach ag an stáisiún i saol na craoltóireachta”.

Chreid sé go bhféadfadh an stáisiún tógaint ar na “láidreachtaí traidisiúnta” a bhí acu agus tuilleadh éisteoirí a mhealladh ar fud na tíre agus ar fud an domhain gan aon chreimeadh a dhéanamh ar an bhfreastal a dhéantar ar phobal na Gaeltachta.

Tá Mac Con Iomaire, ar as an gCeathrú Rua i gConamara dó, ag obair faoi láthair mar Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil le Nuacht TG4.

Tá 15 bliain de thaithí aige ar bheith ag obair sna meáin i nGaeilge agus Béarla mar chraoltóir agus iriseoir clóite. Tá gradaim éagsúla buaite aige as a shaothar iriseoireachta.

Tá Rónán ina chónaí ar an gCeathrú Rua; é pósta agus beirt chlainne air.