Sa Naomhog Eitilte

An Peann Coitianta: D'Éirigh an Naomhóg Eitilte den talamh gan dua, mar a scinnfeadh eala de linn, nó saighead a sheolfaí ó …

An Peann Coitianta: D'Éirigh an Naomhóg Eitilte den talamh gan dua, mar a scinnfeadh eala de linn, nó saighead a sheolfaí ó theann-bhogha gaiscígh ag sealgaireacht ar Shliabh Bladhma maidin drúchta is gan aon ghlanadh fós déanta ag gathanna na gréine.

Bhí an Naomhóg Eitilte ualaithe go gunnail, gach tochta lán o thosach deireadh inti, gan trácht ar a raibh de bhallasta thíos fúithi. Daoine inti. Pé ceardaí a dhein í, dhein sé go maith í. Cuireadh triail agus tastáil mhaith uirthi sna scamaill, chomh maith is a cuireadh ar aon naomhóg riamh ag tabhairt faoin Siúnda amach. Mar bhíodar ann mar scamaill, chomh hard le haon tonn ar an bhfarraige, agus tarrac fúthu thíos ag na taoidí aeir.

Sea, bhí sí ag éirí riamh is choíche nó gur mhaolaigh an Captaen ar na maidí, dhírigh a smut, agus sheol sí ar an leibhéal chomh maith is bheadh sí ar phlána agus an fharraige ina gloine gan néal gan puth gaoithe.

"Ana-bhád" a dúrt leis an gCaptaen ar deireadh nuair a d'éiríos den tochta.

READ MORE

"Tá sí gan locht", ar seisean.

"Cé thóg í?"

"Sítheach Bhaile Eaglaise. Nach bhfuil criúnna ceardaithe aige á dtógaint i gceann de na seideanna ansin. Gan aon stad, lá agus oíche, ach iad ag imeacht faoina stiúirsean."

"Cathain a cuireadh na sciatháin fúithi?"

"Fadó riamh a dhuine. Nach sciatháin i gan fhios atá faoi naomhóga riamh? Faic ach cnaipe a bhrú faoin tochta tosaigh agus amach leo ar an dá thaobh. Níl aon teora le sciatháin ar naomhóg. An t-aon ní amháin - agus is ní beag e - bionn ort a bheith aireach nach leáfaidh an tarra faoi theas na gréine, go háirithe sna Tíortha Teo. Cuirimid polish speisialta ar na Naomhóga Eitilte a théann chomh fada leis an ngaineamhlach."

Chaitheas suí ina dhiaidh sin. D'fhéachas amach agus bhíomar go hard os cionn Tír an Oighir. Chaith sé gur dheineas dreas codlata, mar gur thuirling an NE ina dhiaidh sin i Meiriceá.

Bhí Don Gregorio romham lena chás veidhlín ag Port na Naomhóg. Hata air. An Gunnadóir Fileata an leasainm atá ar Don Gregorio, mar go bhfágann sé dán le gach corp a fhágann steallaireacht a ghunna sínte. Tá na mílte corp pollta aige.

Bhí athas orm bualadh le Don Gregorio an athuair ach thóg sé tamall orm dul i dtaithí ar a chanúint Bhéarla-Iodáilise.

"Cá bhfuil ar dtriall?" a d'fhiafraíos nuair a bhíomar suite sa charr.

"Ó Thuaidh. Go Baile Reeroy."

"Cad é sin?"

Bhain sé an todóg Chúbach as a bhéal, leath straois bhagrach ar a bhéal, agus chonac loinnir an oir sa starrfhiacail a bhí iompaithe im threo.

"Baile Reeroy."

"Tuigim."

Bhíomar ag taisteal riamh is choíche sa charr tríd an oíche. Chaith sé gur dheineas néal arís mar nár chuimhin liom faic nó go bhfaca an comhartha Fáilte go Rí-Rá ar thaobh an bhóthair.

"Táimid ann", arsa Don Gregorio.

"Cad tá le déanamh anseo againn?"

"Ólfaimid deoch."

Isteach linn sa Salún. Níor chuala faic tríd an dtost obann a thit ar an slua istigh ach dhá thaobh an dorais sa Salún ag luascadh le díoscán inár ndiaidh. Theastódh braon íle don meirg.

"Cad a bheidh agat?" arsa Don Gregorio.

"Cranberry Spritzer".

D'ordaigh an Gunnadóir Fileata na deochanna.

D'ardaigh siotaireacht na cainte inár dtimpeall an athuair.

"Cad a thug ort fios a chur orm?" a d'fhiafraíos de Don Gregorio.

"Féach id thimpeall. Ar na comharthaí."

Bhíomar go deimhin agus go dearfa i gceann de na Salúin Ghaelacha i mBaile an Rí-Rá.

"Cad is brí leis na comharthaí" arsa Don Gregorio go grod.

NÍ raibh mo shúile dulta i dtaithí go fóill ar an gcaochsholas a bhí sa Salún. Diaidh ar ndiaidh, d'éirigh liom na comharthaí a dhéanamh amach.

Bhí cuma an tsráidbhaile as Éirinn ón dtaobh istigh ar an Salún. 'Banc na hÉireann' ar thaobh amháin, ar 'Ascaill Oilibhéar Pluingcéad', agus 'Oifig an Phoist, Corcaigh' ar an dtaobh eile den tsráid. Comhartha 'Ar Oscailt' crochta sa bhanc.

Litir ar an bpáipéar falla ó 'Runaí na Roinne Airgeadais'. Bhí níos mó comharthaí Gaeilge bailithe ar an aon láthair sa Salún ná mar a crochadh riamh ag Aeraíocht. Mhíníos do Don Gregorio cad ba bhrí leis na comharthaí. Gháir sé agus shéid scamall tiubh deataigh os cionn Bhanc na hÉireann.

Bhí slua thall ag bord bailithe faoi Oifig an Phoist, Corcaigh, ag caitheamh siar. Fágadh litir Rúnaí na Roinne Airgeadais gan scríobh ar an bpáipéar falla.

"Tá tú ag baile anseo pé scéal e i mBaile an Reeroy" arsa an Gunnadóir Fileata.

"Táim go deimhin," a d'fhreagraíos. "In áifeis."