Seirbhis teanga

Tá seimineár lae á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le tacaíocht ó Iomairt Cholm Cille ar an téama "Seirbhís Dhátheangach…

Tá seimineár lae á eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le tacaíocht ó Iomairt Cholm Cille ar an téama "Seirbhís Dhátheangach den Scoth/Delivering Excellence in Bilingual Service" coicís ón lá amárach i bPáirc an Chrócaigh.

Tugann Acht na dTeangacha Oifigiúla ar 650 comhlacht poiblí polasaí teanga a ullmhú.

Beidh réimse leathan saineolaithe idirnáisiúnta i láthair, ina measc, Siv Sandberg ón Fhionlainn, saineolaí ar sholáthar seirbhísí dátheangacha. Ina dhiaidh sin, beidh cur i láthair agus seisiún ceisteanna le hionadaithe ó chomhlachtaí poiblí a bhfuil scéimeanna teanga i bhfeidhm acu cheana.

Cuirfear am ar leataobh chun earnáil an Aistriúcháin Ghaeilge a phlé. I measc na n-ábhar praiticiúil a chlúdófar beidh dearadh suímh ghréasáin dhátheangaigh, earcaíocht cainteoirí dátheangacha agus eolas ar chúrsaí oiliúna atá ar fáil.

READ MORE

Eolas: 01-6794780 eolas@gaelport.com