Sli bheatha nua molta do Sheoirse Dubya

Críostaí stáitse, máistir an mhalapropachais, máireoigín a athar, dunsa an ranga, moncaí an tí, cibé ainm a thugtar air, is é…

Críostaí stáitse, máistir an mhalapropachais, máireoigín a athar, dunsa an ranga, moncaí an tí, cibé ainm a thugtar air, is é uachtarán na Stát Aontaithe é, a scríobhann Pól Ó Murchú.

Mise Búisín an galldúda, lán arm gan bhá,

Le súile gan doimhneas, le hola i dtrá.

Ag dul soir ar m'aistear, gan eolas na slí,

READ MORE

Gach i mo dhiaidh i smidiríní.

Féach anois mé, amadán ó thalamh,

Ag scriosadh focal is ag stánadh go folamh.

In aimsir inarb iontaí fírinne ná finscéal, tá an galldúda Teicseach seo ag teacht go hÉirinn agus is é vótaí a mhealladh ó Ghael-Mheiriceánaigh cúis a chuairte. Ba thragóid é dá meallfadh sé na vótaí úd óir tá an domhan ag fulaingt a dhóthain leis an damáiste atá déanta aige go dtí seo.

Is léir go bhfuil an Iaráic ina praiseach. Dúirt Colin Powell nach raibh an t-eolas taiscéalaíochta a fuair sé ón riarachán agus ó CIA cruinn go maith chun breithiúnas a dhéanamh faoi ionradh a dhéanamh ar an Iaráic. Níos measa ná sin deir Bob Woodward ina leabhar, Plan of Attack, go raibh an cinneadh chun ionsaí ar eolas ag ambasadóir na hAraibe Sádaí, an Prionsa Bandar bin Sultan, dhá lá sula raibh sé ag Powell.

Scríobhann sé chomh maith nár chinn Búis tús a chur leis an gcogadh go dtí gur thug Cheney a chomhairle athartha dó dul ar aghaidh.

Is ag an saol atá a fhios nach bhfuil mórán thuas staighre ag Báibín Búis. De réir an Lowenstein Institute ó Scranton, Pennsylvania, a rinne taighde ar na huachtaráin Mheiriceánacha ar feadh 50 bliain anuas, is í 91 a Shainuimir Intleachta í, an SI is ísle i measc na n-uachtarán ó thosaigh siad ag tomhas a n-intleachta. Tá SI 99 ag Popa Búis agus bhí 105 ag Ronald Reagan.

Tá a intleacht le sonrú ina chuid cainte, ar ndóigh. Osclaíodh cófra Phandóra de ráitis dhíchéillí nuair a toghadh chun an Tí Bháin é. I mbliana agus é ag caint in Los Angeles, dúirt sé: "Gránn Dia sibh, agus gráimse sibh. Agus is féidir libh seasamh ar an mbeirt againn mar theachtaireacht chumhachtach go ndéanann daoine iontas faoina n-am rompu ar féidir leo cloisint." Mura dtuigeann tú sin, is cuma, cionn is nach ndéanann sé aon chiall as Béarla ach oiread.

Céard a d'fhéadfaí a dhéanamh leis an scéal a fheabhsú nuair a thiocfaidh sé anall? Molaim gurbh fhearr dó an toghchán a ghéilleadh do Kerry agus dul le slí bheatha nua - an gheoidléireacht.

Cé go ngeoidlíonn buachaillí bó, níor mhór dó gan filleadh ar ais go Teicseas chun a chuid Béarla shaofa a labhairt arís. B'fhearr don dúid Theicseach Lederhosen a chur air agus taisteal chun na hEilvéise, tír gheoidile nach labhraítear an Béarla inti. Is breá leis a bheith ar saoire bhuan agus thabharfadh an tslí bheatha nua seans dó a bhrionglóid a chomhlíonadh.

Cheiliúrfadh sé a shaoirse luachmhar Mheiriceánach gach uile lá agus é ag geoidliú. Thiocfadh an Babún Cheney agus a chomhphríomhach, an Goraille Rumsfeld in éindí leis agus thiocfadh leo triall a bhaint as an gcumarsáid nua nuair a gheoidleoidís "A ghalldúúúúda!" le Báibín Búis.

Agus maidir le Búis é féin, dá gcuirfeadh sé suas leis an aimsir sna hAlpa sneachtúla bheadh saol an mhoncaí bháin aige.

Féach ansin é,

gnúis mhoncaí,

inchinn ghealbhain

agus súile bó,

'gheo di lé í ó!