Slobbó

Crobhingne: Tá Slobodan imithe uainn, pé áit a bhfuil sé imithe

Crobhingne: Tá Slobodan imithe uainn, pé áit a bhfuil sé imithe. Tá súil agam go bhfuil garda mór d'anamnacha na bhfear is na mbuachaillí beaga agus na mban óg a chuir sé roimhe chun an tsaoil eile á thionlacan feadh na slí. Is dá leithéid siúd a mbímid ag súil go bhfuil an saol eile ann leis an gceart a bhaint amach.

Na mílte do-áirithe ag a shochraid, go leor díobh ag gol is ag gárthaíl is ag déanamh olagóin is ag pógadh a phictiúir.

Chonacthas cheana é leis an Ayatollah Khomeini áit a raibh daoine ag pleancadh a chéile d'fhonn ribe dá fhéasóg a stoitheadh; agus roimhe sin arís le fear an iarrainn Stalin, duine de bhúistéirí móra na cruinne a raibh daoine deasa an iarthair breá sásta dul i gcomhghuaillíocht leis agus cionta na milliún a dhíbir sé don bhás a mhaitheamh dó.

Thóg sé tamall maith ar chumhachtaí iarthar an domhain múscailt maidir le Slobodan de. Ar an gcéad dul amach, ola ar bith ní raibh aige, ná maoin mhór arbh fhurasta é a ghoid.

READ MORE

Ina dhiaidh sin, bhí sé ag iarraidh tír a choimeád le chéile, agus má ghéilleann státaire amháin go bhfuil teorainneacha na gcríoch inaistrithe agus sobhogtha, is maith mar a thuigeann an poll slogaide ar a bhfuil sé féin ina sheasamh.

Ina dhiaidh sin arís - ach abartar an méid seo sa chogar is ísle amuigh - ba Mhoslamaigh, nó iarMhoslamaigh, nó de shliocht Moslamach iad formhór na ndaoine a bhí á marú aige, agus níl siad sin chomh trom ar an scála daonna agus atá an neach gealchraicneach a labhraíonn teanga intuigthe agus nár ghéill a muintir do na hOttamain fadó riamh.

Ba dheacair a shamhlú go ndéanfaí ionradh chomh fada agus chomh leanúnach ar aon chathair eile de chuid iarthar an domhain, abair Trondheim, abair Butte Montana, is a déanadh ar Sarajevo.

Tá Groisní ar lár ar fad, ar ndóigh, ach is faide soir fós í sin, agus dá marófaí gach duine ann idir mhná agus pháistí agus sheandaoine críonna agus óga agus luchóga na mbéilí rialta, ba chuma le duine ar bith.

Lasmuigh den ár, b'é ba mheasa mar gheall ar Srebenica ná go raibh a fhios againn go raibh sé ar tí tarlú. Bhí a fhios againn roimh ré, nuair a bhí sé ar siúl, agus ina dhiaidh.

Beag dán chomh cumhachtach le dán Nuala Ní Dhomhnaill ar lá sin an léin: "Is lá dubh é seo/Tá an spéir dubh/Tá an fharraige dubh/Tá na gairdíní dubh/Tá na crainn dubh/Tá na cnoic dubh/Tá na busanna dubh/Tá na carranna a thugann na páistí ar scoil ar maidin dubh..."

Seans gurb é an droch-choinsias agus an deargfhimíneacht a rug orainn agus ar Shlobodan ar deireadh. Óir, ní féidir labhairt ar chearta daonna agus ar dhínit an duine de shíor is de ghnáth gan cuimilt bheag éigin teagmhála a bheith acu mar fhocail le himeall eachtrach an tsaoil iarbhír.

Madeline Albright féin, an bhean a mhaígh gurbh fhiú bás leathmhilliún páistí san Iaráic na smachtbhannaí ar rialtas na tíre sin, is cosúil gur bogadh a croí nó pé orgán a d'iompair sí ina cliabhrach istigh. É sin, nó gur mhithid d'aerfhórsa Mheiriceá agus NATO beagán buamála a dhéanamh.

Bunphrionsabal tábhachtach ann féin é nár cheart cur isteach ar ghnóthaí inmheánacha tíre eile. Dá gceadófaí é, bheadh gach cumhacht nua-impiriúlach gona n-airm sheasta réidh chun gluaiste an cuan amach ar maidin. Ach ní bunphrionsabal absalóideach é.

Ba dheacair a áiteamh nach raibh an ceart ag Vítneam rialtas dúnmharfach Polly Pot a chur de dhroim seoil. Ba dheacair a áiteamh nár cheart don "chomhluadar idirnáisiúnta" deireadh a chur leis an sléacht in Ruanda nuair a fógraíodh go raibh sé le tosnú, agus nuair a bhí sé faoi lánseol.

Bhí díchur Slobodan ar cheann den bheagán sin a bhí inchosanta. Tá de shuimiúlacht, áfach, nach raibh i gceist ag aon dream den lucht ionsaithe gabháltas a dhéanamh ar an tír.

Sin é an difear mór idir buamaí Bheograid agus buamaí Bhagdaid. An chéad cheann meáite ar thíoránach a chur dá chois; an dara ceann ina réamhtheachta don choncas gallda.

Ná caointear Slobbó. Ghluais sé an pháis laethúil ar fud a chríche. Líon sé an oíche le huamhan. Fual fola a scaoil an mhuintir ar leag sé a mhallacht orthu. Chuir sé an reilig ag snámh ar an aer. Lena linn, bhí páistí ag diúl ar an sceon.

Fós féin, os cionn Srebenica crochann an ghealach chomh fuargheal le corpán.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar