Tá An Giall caoga bliain d'aois agus é ar ais ar stáitse

TUARASCÁIL: AR AN 16ú Meitheamh 50 bliain ó shin cuireadh an dráma An Giall le Breandán Ó Beacháin ar an stáitse den chéad uair…

TUARASCÁIL:AR AN 16ú Meitheamh 50 bliain ó shin cuireadh an dráma An Giallle Breandán Ó Beacháin ar an stáitse den chéad uair.

In amharclann bheag, An Damer, a bhí á reachtáil ag Gael Linn in íoslach Theampall Úinitéireach ar Fhaiche Stiabhna, Baile Átha Cliath, a cuireadh ar siúl é. Is é Proinsias Mac Diarmada, a d'fhostaigh Gael Linn an bhliain roimhe sin, a léirigh é agus Eibhlín Ní Chathail Riabhaigh mar léiritheoir cúnta aige.

Is ar coimisiún a scríobh an Beachánach An Giallagus tá cuid mhór den chreidiúint ag dul do Riobard Mac Góráin, Bainisteoir Ghael Linn, as é a spreagadh chun dráma Gaeilge a scríobh. Murach an chabhair a fuair Ó Beacháin uaidh, ní móide go gcuirfeadh sé bailchríoch choíche ar an dráma.

Le linn do Mhac Góráin bheith ina eagarthóir ar an iris Comharbhí idir dhánta agus ailt leis an Bheachánach i gcló ann, ina measc alt dea-scríofa faoi Maud Gonne agus faoina ndearna sí chun cabhrú le príosúnaigh phoblachtacha. Ba mhinic an bheirt i ndáil chomhrá i dteach tábhairne McDaids agus is ann, in Earrach na bliana 1957 a ghabh Ó Beacháin air féin dráma a scríobh don Damer le haghaidh Fómhar na bliana sin.

READ MORE

Nuair a tháinig an Fómhar, ní raibh ach an chéad ghníomh scríofa aige. Thug Mac Góráin airgead dó le seal a chaitheamh lena bhean, Beatrice, sa Spáinn chun an dara gníomh a scríobh, agus bhí an tríú gníomh fós idir lámha aige nuair a thosaigh na cleachtaí i mí na Bealtaine 1958. Ní raibh an córas leictreachais a bhí sa Damer ag an am oiriúnach do shoilse amharclainne agus oíche na hoscailte, chuaigh an clár leictreachais trí thine. Theastaigh ón lucht múchta tine deireadh a chur leis an seó ag an chéad sos agus murach gur tháinig príomhleictreoir phictiúrlann an Capitol agus gur chuir sé cóir shealadach ar chúrsaí ní cheadófaí dul ar aghaidh leis.

Bhí an t-ádh orthu go raibh athair bhainisteoir an Damer, Caoimhín Ó Marcaigh, i bhfeighil an Capitol. Ní raibh Ó Beacháin féin i láthair nuair a thosaigh an dráma ach de réir tuairisce a bhí san Evening Presstháinig sé in am don tríú gníomh "heralded by a clatter of chairs for the last act. And he took his call for an tÚdar and made the shortest speech of his life."

IS CUID de bhéaloideas Bhaile Átha Cliath gurbh é a dúirt sé san óráid sin: "You've made a bollocks of my play." Ach deir daoine a bhí ann ag an am gur ag ceann de na cleachtaí a dúirt sé é.

Bhí beirt aisteoirí phroifisiúnta páirteach sa chéad léiriú de An Giall, Séamus Ó hÉalaí a raibh páirt Phádraig, bainisteoir an teach striapachais aige, agus Gearóid Ó Lochlainn a raibh páirt Monsúr aige, "a rather heartless caricature of a well-known Irishman" a scríobh Proinsias Mac Aonghusa san Irish Times. Deirtear gurbh é Claud Chavasse, Sasanach a d'fhoghlaim an Gaeilge agus a chuaigh le poblachtánachas, a bhí i gceist.

Aisteoirí amaitéaracha a bhí sa chuid eile den fhoireann ach bhí Mac Diarmada tar éis sároiliúint a chur orthu agus tugadh ardmholadh sna nuachtáin don aisteoireacht, go mórmhór do Shéamus Páircéir i bpáirt an tsaighdiúra Shasanaigh atá le cur chun báis ag an IRA mura scaoilfí saor príosúnach poblachtach i mBéal Feirste. "He was on the stage all the time and at no time was his acting anything but first-class," a scríobh Mac Aonghusa.

Ag Celia Salkeld, deirfiúr bhean an Bheachánaigh, a bhí páirt Threasa, an cailín aimsire sa teach striapachais agus bhí páirt na striapaí, Cáit ag Nuala Nic Gabhann. Páirteach ann fosta bhí Noel Ó Briain (a rinne an radharcra don dráma chomh maith) agus Mícheál Ó Ruairc, beirt a raibh baint mhór acu leis an Damer ina dhiaidh sin.

Bhí an halla lán gach oíche agus b'éigean é a choinneáil ar siúl ar feadh seachtain bhreise, an chéad uair do dhráma sa Damer bheith ar siúl ar feadh dhá sheachtain ó d'oscail an amharclann i 1955.

Chuir An GiallAn Damer i mbéal an phobail agus aithníodh ina dhiaidh sin é mar lár-ionad na drámaíochta Gaeilge i mBaile Átha Cliath. "Ba é an ócáid ba thábhachtaí le fada i ndrámaíocht na Gaeilge ná chéad léiriú an dráma nua le Breandán Ó Beacháin An Giallsa Damer," a scríobh léirmheastóir Comhar, L.S.Tuathail.

Rinneadh leagan Béarla de agus bhain sé clú amach don údar faoin ainm The Hostagenuair a cuireadh ar siúl i Londain é. Diomaite de leagan Gaeilge, bunaithe ar The Hostage, a léirigh Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath le linn Fhéile Drámaíochta an Oireachtais a bhí ar siúl sa Damer i 1967, níor stáitsíodh an bunleagan Gaeilge de An Giallsa Damer arís go dtí 1979.

I mí Dheireadh Fómhair 1979 stáitsigh complacht gairmiúil, a bhí a mhaoiniú ag Bord na Gaeilge agus An Chomhairle Ealaíon, in amharclann nua-chóirithe an Damer é. Art Ó Briain a léirigh é agus lean sé ar aghaidh ar feadh ceithre seachtaine.

Beidh deis ag pobal na hardchathrach bunleagan Gaeilge An Gialla fheiceáil arís in Amharclann an Damer go luath. Chun an 50 bliain ón chéad léiriú a chomóradh tá socrú déanta ag Gael Linn le hAisteoirí Bulfin é a chur ar an stáitse ann agus is é Aodh Ó Domhnaill a raibh a dhráma, An Campa, ar an stáitse sa phríomhchathair ag tús na Bealtaine, atá i mbun a léirithe.

An uair seo is ag Séamus Ó Scanláin, a bheidh páirt Phádraig, bainisteoir an teach striapachais, agus ag Mícheál Ó Gruagáin páirt Monsúr. Oisín Ó Cualáin a bheidh i bpáirt an tsaighdiúra Shasanaigh.

Beidh páirteanna na mban ag Sinéad Ní Uallacháin (meirdreach) agus Emer Lynsey (Treasa) agus ar an fhoireann fosta tá Seán Ó Dubhda, Ciarán Ó Feinneadha, Gearóid Ó Mórdha, Tadhg Ó Conchubhair, agus Seán Ó Broin. Aoileann Ní Chonchubhair a bheidh ina bainisteoir stáitse.

Beidh an dráma ar siúl ar feadh trí oíche ón Aoine 13ú go dtí an Domhnach15ú Meitheamh ach is ar chuireadh amháin a bheidh oíche Aoine. Bímis ag guí nach rachaidh an clár leictreachais trí thine an uair seo. Eolas: 01-6398404 nó  aseoighe@forasnagaeilge.ie

• Tá Stair an Damer le Máiréad Ní Chinnéide le foilsiú go luath

amaitéarachamateur - bailchríochfinishing touch - béaloideasfolklore - deisopportunity - gairmiúilprofessional - giallhostage - íoslachbasement - léiriúproduction - léirmheastóirreviewer - poblachtachrepublican - radharcrascenery - seóshow - stáitsestage - striapachasprostitution - tuairiscreport