Teach sabhailte stairiuil

Gloucester Street. Ní aithneodh ach seanfhondúirí ainm na sráide sin anois

Gloucester Street. Ní aithneodh ach seanfhondúirí ainm na sráide sin anois. Beocheist: Ainm tírghráthóra atá uirthi le tamall, Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada i ngiorracht cúpla céad slat do phríomhshráid Bhaile Átha Cliath.

In aice láimhe tá Monto, ceantar a ainmníodh ó Shráid Montgomery agus a thuill cáil ar fud na hEorpa mar cheantar striapach ag tús an chéid seo caite.

Ag uimhir 36 Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada tá foirgneamh teann a bhí ina theach sábháilte le linn Chogadh na Saoirse agus ó 1976 i leith ina theach sábháilte do mhuintir Chlann Shíomóin.

Ba sa bhliain sin a thosnaíos féin ag obair le Clann Shíomóin. Ag an am bhí deichniúr de mhuintir Shíomóin ag cur fúthu i dteach ar Shráid Dorsait, teach brocach a bhí ag titim as a chéile. Ní raibh compord ar bith sa tigh fuar úd, bhí sé práinneach go mbogfaimis go grod.

READ MORE

Bhí imní ar gach éinne faoin aistriú go Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada. Mar a dúirt Kathleen lá: "They'd eat you down there without salt."

Ach ní mar sin a tharla.

Ón tús, chuir muintir na háite fáilte romhainn. Dúradar gur dócha go mbeadh deacrachtaí ann ó am go ham ach go bhféadfaí iad a phlé go hoscailte nuair ba ghá.

Chuir sagairt an pharóiste fáilte romhainn, chuir muintir an tí aithne mhaith orthu agus ba mhinic iad sa teach ar cuairt.

Ach siar i 1920 muintir Mhic Giolla Phádraig a bhí ina gcónaí sa teach. Bhí fear an tí fostaithe ag ceantálaí, thaistealaíodh sé an tír ag díol is ag ceannach, jab a thug an-deis dó eolas a bhailiú don IRA. Cara leis dob ea Dick McKee a d'fhanadh sa tigh go minic.

Ar an Satharn, 20ú Samhain, d'eagraigh Michael Collins cruinniú i Vaughan's Hotel i gCearnóg Pharnell chun mioneolas a thabhairt do bhaill an IRA faoin ionsaí a bhí beartaithe aige ar an Cairo Gang, dream a bhí curtha le chéile ag údaráis na Breataine chun rannóg fhaisnéise Collins a scrios.

Tar éis an chruinnithe bhailigh beirt a bhí i láthair, McKee agus Peadar Clancy, leo go dtí Uimhir 36. Sceith John 'Shankers' Ryan, deartháir Becky Cooper, a raibh drúthlanna aici i Monto, orthu. Dhein na Dúchrónaigh faoi dhéin an tí.

Sa leabhar Monto - Madams, Murder and Black Coddle le Terry Fagan, d'inis Seán Fitzpatrick, a bhí ina bhuachaill óg ag an am, scéal na hoíche sin.

Scaoil na Dúchrónaigh leis an doras, obair in aisce. Bhí an doras láidir agus slabhra trasna air mar ghlas breise.

Ordraíodh do na saighdiúirí léim thar na ráillí síos go dtí an t-íoslach ach cuireadh moill eile orthu ansin.

Bhí duine den líon tí rompu ag ligint uirthi go raibh sí sa leaba. "Fan nóiméad, le bhur dtoil, caithfidh mé mé féin a ghléasadh, fanaigí."

Ach sa deireadh bhriseadar síos an doras agus ansin doras eile a bhí idir an íoslach agus an teach féin.

Suas staighre leo mar a ghabhadar McKee is Clancy. Dheineadar scrios is mórchuid cuardaigh ach bhí gach páipéar rúnda dóite ina luaithreach ag an mbeirt.

I gCaisleán Bhaile Átha Cliath tugadh fíor-dhrochíde do McKee, Clancy agus do Conor Clune, ógfhear ón Chlár a bhí ag fanacht in óstán Vaughan an oíche sin ach nach raibh baint ar bith aige leis an IRA.

Deineadh an triúr a lámhach is chaith fear an tí seal i ngéibheann i bpríosún Wormwood Scrubs.

Ach díreach mar a bhí beartaithe acu, mharaigh an IRA duine is deichniúr den Cairo Gang sa chathair go luath ar maidin, 21ú Samhain.

Bhain na Sasanaigh díoltas amach an tráthnóna sin ag an gcluiche peile i bPáirc an Chrócaigh idir Baile Átha Cliath is Tiobraid Árann.

B'shin chéad Domhnach na Fola. I mí Feabhra 1921 mharaigh an IRA 'Shankers' Ryan.

D'oibríos is chodlaíos sa teach sin, deacair a chreidiúnt anois le himeacht na mblianta ach tá cuimhne ghéar agam i gcónaí ar an íoslach, an staighre is ar gach aon seomra. Teach seascair stairiúil, teach fothana sábháilte anois do dhaoine a bheadh ar thaobh na sráideanna gan é.

Tá Clann Shíomóin fós ag freastal ar riachtanais na mbocht. Inniu tá níos mó daoine ag maireachtáil faoin spéir i lár na príomhchathrach ná mar atá i Manchain, Learpholl, Oxford, Nottingham, Birmingham, Bristol, Brighton, Reading, Cambridge trí chéile.

Caitheann breis is 250 duine gach aon lá is oíche ar na sráideanna, cuid acu ar na sráideanna le breis is scór bliain. Ina measc go leor daoine óga, a líon siúd ag dul i méid in aghaidh na bliana.

N'fheadar ar throid in aisce é Cogadh na Saoirse?