Teanga Theilinn

BEIDH AN fhéile “Béaloideas agus Seanchaithe Theilinn” ar siúl an deireadh seachtaine seo i gColáiste Aoidh Mhic Bhricne, Co …

BEIDH AN fhéile “Béaloideas agus Seanchaithe Theilinn” ar siúl an deireadh seachtaine seo i gColáiste Aoidh Mhic Bhricne, Co Dhún na nGall. Tá léachtaí, oícheanta airneáin, ceolchoirm agus turas báid ar an chlár.

Is é iarcheannaire RTÉ, Cathal Goan, a osclóidh an fhéile go hoifigiúil Dé hAoine ag 8pm sa choláiste agus mairfidh sí go dtí an Domhnach. An pobal áitiúil atá taobh thiar den fhéile agus í mar sprioc acu cultúr Gaelach an cheantair a chur chun cinn agus fáilte roimh gach aon duine.

* Eolas: teilionn@gmail.com nó 087-2993531