Teicneolaiocht na nGael

Sheol an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh, Tom Kitt, cúrsa nua, Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge, an tseachtain seo caite…

Sheol an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh, Tom Kitt, cúrsa nua, Teicneolaíocht an Eolais agus an Ghaeilge, an tseachtain seo caite.

Tá an cúrsa lae seo dírithe ar dhaoine a bhaineann úsáid as an Ghaeilge agus as ríomhairí - státseirbhísigh, múinteoirí, oibrithe i gcomhlachtaí stáit agus daoine atá ag obair sna meáin chumarsáide.

Cuireann an cúrsa eolas ar fáilar obair a dhéanamh ar ríomhaire trí mheán na Gaeilge agus úsáid a bhaint as na bogearraí agus as na háiseanna ar líne Gaeilge atá ar fáil.

Is comhfhiontar é an cúrsa idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Gaelchultúr atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

READ MORE

Dúirt duine d'údair an chúrsa, Éamon Ó Dónaill: "Beidh an t-eolas go léir a thabharfar an-úsáideach ar fad agus cuirfear i láthair é go soiléir, ag seachaint téarmaíocht chasta theicniúil. Tabharfar deis do na rannpháirtithe páirt ghníomhach a ghlacadh sna seisiúin ar fad." Eolas: 01-6794780 nó www.gaelport.com