Thall is abhus

Tá Scríbhneoir Cónaitheach Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, Micheál Ó Conghaile, ag reáchtáil ceardlann scríbhneoireachta san…

Tá Scríbhneoir Cónaitheach Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, Micheál Ó Conghaile, ag reáchtáil ceardlann scríbhneoireachta san ollscoil Dé hAoine 8ú agus Dé Sathairn 9ú, Márta.

  • Beidh cúrsa Gàidhlig ar siúl sa Ghaeláras, Doire, Dé Sathairn 16ú agus Dé Domhnaigh 17ú, Márta. Beidh an cúrsa dírithe ar chainteoirí Gaeilge ar mian leo tosú nó cur lena n-eolas ar an teanga. €21 nó £15 an praghas atá air. Déanfar soláthar ar dhaoine nach bhfuil aon eolas acu ar an Ghàidhlig agus orthu sin a bhfuil buneolas acu ar an teanga cheana féin. Cainteoirí dúchais Gàidhlig a bheidh ina bhun. Tá tuilleadh eolais agus bróisiúr le fáil: 048-71264714.