Thall is Abhus

Oíche aisteoirí: Tá Aisteoirí Bulfin ag reáchtáil oíche shóisialta i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, oíche Aoine ag 9.…

Oíche aisteoirí: Tá Aisteoirí Bulfin ag reáchtáil oíche shóisialta i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, oíche Aoine ag 9.30 p.m. €6 atá ar an doras agus bainfear úsáid as an airgead le costas léirithe dráma nua, Gadaí de Nollag, a ghlanadh.

Aifreann am lóin

Beidh Aifreann Gaeilge ar siúl i Séipéal na Sacraiminte Beannaithe, Cosán Baitsiléara, Baile Átha Cliath, ón Luan go dtí an Aoine ag 1.15 p.m. le linn an Charghais. Seo an cúigiú bliain i ndiaidh a chéile go bhfuil an searmanas seo eagraithe ag Pobal an Aifrinn.

RIC dearmadta

READ MORE

Craolfaidh Léargas "RIC - an fórsa dearmadta" oíche Luain ag 7.30 p.m. ar RTÉ1. Fiosraíonn an tuairisceoir, Pat Butler, scéal ceathrair cainteoirí Gaeilge san RIC agus ar éirigh dóibh le linn Chogadh na Saoirse agus ina dhiaidh. Labhróidh an t-acadúlaí Denis Donoghue faoina athair féin a bhí ina bhall den RIC agus a chuaigh leis an RUC i ndiaidh an chogaidh.