Thart anois

CROBHINGNE: TÁ SÉ ar fad thart anois. Tá deireadh leis na pléaráca. Na pubaill stoite aníos agus bainte anuas

CROBHINGNE:TÁ SÉ ar fad thart anois. Tá deireadh leis na pléaráca. Na pubaill stoite aníos agus bainte anuas. Na veaineanna ag triall anoir go mall is a gcuid meirgí ar sileadh. Na heitiltí ataithe le deoir is le leann. Scrúduithe iarbháis ag nochtadh cnámharlach.

Má bhí an chraic go maightí ar na sráideanna níor mhar sin í ar an bpáirc. Mílí ar fud na glaise, léithe tríd an mbáine, agus dath na huibhe smeartha ar an bhflannbhuí féin. An dóchas á chur ar ais sa phróca laistiar den doras, agus na sceana á dtabhairt amach le faobhar.

Cad leis a rabhthas ag súil? Ar éigean go bhfaigheadh imreoir ar bith de chuid na Poblachta áit ar fhoirinn idirnáisiúnta ar bith eile i leataoibh ó Andorra nó ón Albáin, ná ar fhoirinn ‘z’ Barcelona an lá is measa iad. Fairis sin, bhí in easnamh orthu an oiliúint riachtanach sin a fhaigheann peileadóirí na gcluichí nGaelacha ar a slí aníos dóibh. Duine ar bith nár imir caid shóisearach ar imeall phortaigh do Raonaithe Chúil na gCorrán Slaise in íochtar Liatroma, nó ball mar é, ar éigean go bhféadfadh sé cos a dhéanamh de réileáin chothroma na mórstaideanna domhanda.

Is í an cheist ná, cad a dhéanfaimid anois? Ní hé an milleán ar na milliúnaithe atá i gceist agam, ach cé dó a thabharfaimid tacaíocht feasta?

READ MORE

Tá deich lá fós le dul go dtí an cluiche craoibhe agus ocht bhfoireann fágtha. Tá ar cheann de mhistéirí móra na cruinne cad ina thaobh go dtugann duine ar bith tacaíocht d’fhoirinn ar bith eile seachas a chlub, a chumann, a chontae, a chúige féin.

Cuir i gcás go gcasann tú cnaipe na teilifíse oíche agus go bhfuil dhá fhoireann nach bhfeadair tú ó thalamh an domhain ag imirt. I ngan fhios duit, chomh ciúin le puth anála seilide, tá tú ansin ag taobhú le dream amháin díobh seachas a chéile. Conas san?

Dá ráineodh go gcuirfeá do chloigeann isteach i seomra scoile nach raibh sé d’iachall ar na páistí ann a bheith gléasta sna héadaí príosúin céanna, thabharfá faoi deara na geansaithe peile á gcaitheamh go tiubh agus go daor.

Seachas cinn chlub agus chontae, gheofá Messi anseo agus Rooney ansiúd, agus Keane i gcás léine athláimhe a bhíodh ag deartháir tráth den saol. Níos diamhaire ná sin, d’fheicfeá ManU agus Chelsea agus Real Madrid, agus giobal de chuid Inter Milan a fuarthas i seanbhosca. Tá míniú éigin, más míniú caoch féin é, orthu sin; ach cad déarfá le páistí óga a mbeadh Scunthorpe United orthu, nó Accrington Stanley, nó Stenhousmuir ar a ndroim?

B’é dícheall aon duine díobh iad a aimsiú ar léarscáil ach an oiread le daoine a théann ar laethanta saoire go Sancho Panza nó Cosydeasaí nó Terribilinos.

Déantar an rogha sin ar chúiseanna chomh mistéireach bun le hintinn Enda Kenny féin. Ach is rogha mar sin atá againne feasta. An ionann taobhú leis an nGearmáin agus faomhadh a thabhairt do dheachtóireacht na hAingle Merkel ar an ilchríoch ceal tanc ná píce? An fearg atá orainn leis an nGréig toisc oiread sin stuaice a bheith orthu, nó ar chóir iad a bhuíochasú de thoisc go bhfuil an misneach mór ina gcroí. Tuiscint agat don Spáinn toisc na fadhbanna céanna a bheith acu agus atá againne, baincéirí ina robálaithe acu siúd, agus ina sladairí againn féin?

Níos minicí ná a chéile ní bhaineann le polaitíocht chomh soiléir sin. Uaireanta is leor dath na léinte. Ar a laghad níl foireann ar bith le geansaithe smugadhathuaine agus urlacan buí. Tharlódh, ina choinne sin, go bhfuair tú pionta beorach den scoth i bPoblacht na Seice, nó gloine ooze in Micínós.

Bhí aithne ghairid agat ar bhuachaill nó ar chailín i ndeisceart na Fraince, agus cá bhfios, de réir na scarúna cad é an taobh a rachfá. Chonaic tú Borgen nó Wallander agus léigh tú An Cailín a raibh Faithne ar a Srón nó leabhar éigin eile le Stéig Láarson nó rud éigin cosúil leis, agus tá na Lochlannaigh sin go léir mar a chéile ar aon nós.

Agus ansin tá Sasana. Tugtar tacaíocht dá fhoirne léige, siltear go béalfhliuch lena theaghlach mar dhea ríogúil, léitear a chuid taibléidí scríte le flosc, agus fós tugtar cúl tóna lena foireann peile.

Chuala an Peata Raibit ag rá le linn an chomórtais dhomhanda dheiridh gur cheart dúinn a bheith ag cur ár mbundún aontaithe amach ar son Shasana mar gurbh iad na comharsana ba ghaire dúinn iad, bíodh gur dhóigh liom gur mhó de fhreagra polaiteora é sin ná freagra fir a thuig faic faoi pheil ná faoi phobal.

Is féidir a bheith deimhnitheach den mhéid seo, áfach. Ní thugtar tacaíocht d’fhoirinn ar bith ar fheabhas a himeartha ná ar ealaín a gnó. Sa mhéid sin féin, tá dóchas fós againne.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar