Tionol Mhuire

Beidh Tionól Chumann na Sagart ar Chnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, ar siúl idir an Mháirt 13ú go dtí an Déardaoin 15ú Aibreán…

Beidh Tionól Chumann na Sagart ar Chnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo, ar siúl idir an Mháirt 13ú go dtí an Déardaoin 15ú Aibreán.

Is é "Cé hé Dia ár Sinsear?" an téama a bheidh ann i mbliana. Déanfar plé ar íomhánna de Dhia atá le fáil i gcreideamh na ndaoine, i litríocht an chreidimh agus sa litríocht.

Is é an Canónach Tadhg Ó Móráin a thabharfaidh an chéad léacht ar "Pobal, Diagacht agus an Ghaeilge in Aimsir Trent"; labhróidh Marie Whelton, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, ar Aodh Mac Aingil agus a dhán "Dia do Bheatha, a Naí Naoimh" agus labróidh an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin, údar is aistritheoir, ar "Duan Chroí Íosa" le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin.

Beidh Ceoltóirí Chór Charna i láthair fosta. Tá socrú ar leith déanta ag an chumann le Teach Chnoc Mhuire go mbeadh idir lóistín agus léachtaí ar fáil ar €175 (£130 Steirling). Eolas: 01-6633900 048-79632196.