Toghadh gach di

Tá sé againn anois, rialtas an uile dhatha, rialtas gach aon duine, rialtas deas agus clé, rialtas lár an bhóthair, an tseanduine…

Tá sé againn anois, rialtas an uile dhatha, rialtas gach aon duine, rialtas deas agus clé, rialtas lár an bhóthair, an tseanduine, an óig is an críon, is iad atá ann glasaigh, is deargaigh, is cré-umhaigh, taoiseach Thiobrad Árann ó thuaidh, Finín macánta is Beverlaí eile, Jackie dubh agus bán agus na héalaigh riabhach agus lucht ite dinnéir i lár an lae, eireaball ruibhe na bPí Deamhna chun dó agus loscadh, agus an páirtí is éirithí ar domhan, an páirtí a chuimsíonn is a chlúdaíonn is a shonann cé sinn, agus cér díobh sinn, agus cá bhfuilimid ag dul, an páirtí nach leomhaimid a ainm a lua.

Mar ní gá. Tá Fianna Fáil chomh leathan le cúl Mhaigh Eo, chomh fairsing leis an gcuan siar, chomh glic le dlíodóir, chomh hard le maightí, chomh tuisceanach le tógálaí tí, chomh sleamhain le leacracha an tí mhóir, chomh donn le mála páipéir, chomh domhain le póca, chomh hionraic is atá an lá gairid, chomh dubh le bán, chomh dúchasach le plaistic, chomh fada leis an lá inné, chomh contúirteach le Connla, chomh líofa le Garret, chomh mianganach le hairc, chomh clúmhánta le sionnach sa chúinne, chomh geal le hairgead na banríona, chomh tiubh leis an mbanc domhanda, chomh holúil le Shell, chomh saibhir le comhairleoir dochtúra, chomh daingean le mótarbhealach san dreach tíre, chomh fada le binse fiosraithe, chomh binn le clingearnach an scipéid, chomh prionsabálta le gaotha na farraige, chomh léannta le hold moore's almanac, chomh tuirseach le bunóc bliana, chomh taispeántach le comharthaí bóthar éireann, chomh maith le dona is chomh holc le fearr, chomh folamh le bialann na dála, chomh marbh le feart, chomh díreach le scriúire, chomh simplí le kant.

Sin é an fáth gur maith linn iad, mar is sinne go hiomlán iad. Is folúsghlantóir iad, is poll slogaide iad, is mála éithigh iad, is glac-a-bhfaighir iad. Is iontu atá ár bhfochoinsias, nó pé ainm a thabharfá ar na nithe dorcha sin go léir nach mian linn a thabhairt amach. Is acu atá na claonta go léir nach gcuimhneoimis ar a chur os ard. Is iad polaitíocht neamhpholaitiúil na hÉireann iad, polaitíocht gan phrionsabail, gan léarscáil, gan teorainneacha. Níl de sheasamh ag páirtí ar bith eile feasta ná nach Fianna Fáil iad. Agus ní páirtí ar bith eile ach Fianna Fáil iad páirtí gan phrionsabail.

Níl in Fine Gael le tamall ach Fianna Fáil laight. Agus cén fáth a vótáilfeadh duine ar bith ar son scáile, ar son éadromáin, ar son uiscealaigh in áit an earra thiubh cheart? Níl san Lucht Oibre ach Fine Gael laight ar Fianna Fáil laight iad siúd. Is lú fós ná sin a vótáilfeadh duine ar son taibhse de scáile d'éadromán d'uiscealach.

READ MORE

Níor triaileadh prionsabail Shinn Féin go dian fós, ach tá go leor adéarfadh go bhfuilid ar an sleamhnán síos i dtreo an phlobair i lár an phortaigh. B'fhéidir gur scáil d'Fhianna Fáil iad, leis, Fianna Fáil mar a bhí trí scór go leith bliain ó shin. Fianna Fáil d'fhoghlaimeoirí malla.

D'fhág sin an Comhaontas Glas, na CGs, nó na Glasaigh mar an dream a sheasfadh an fód ar son na polaitíochta prionsabálta. Pé fód atá á sheasamh acu faoi láthair ní hé fód na Teamhrach é, ná fóda Ros Dumhaigh, ná fóda na Sionainne. B'fhéidir gur mhó a suim san aer ná san talamh ar an tráth seo, ach más ea, beidh a gcloigne sna scamaill agus beidh siad ag imeacht le gaotha na linne mar atá á dhéanamh ag cách eile. Más é sin a dhéanann, ní fiú fód móna iad, ná tráithnín féir ghlais, ná uisce modartha na Gaillimhe.

Ina choinne sin, bímis Fianna Fáileach cách a chéile ag suí ar an gclaí idir dhá stól le tadhg an dá thaobh go fóill. Is fearr a bheith laistigh den phuball ag déanamh do ghnó ná lasmuigh ag mallachtú san doircheacht.

Thaispeáin Trevor Sergeant go raibh cnámh dhroma ann agus gur chloígh sé lena fhocal. Ní raibh lámh ar an mBíobla aige ná foirmle fholamh ar a bheola. Níor dhein sé húm den ha, ná cam den díreach. Bhí ar dhein sé fearúil, banúil, daonna. Ba ghníomh gaile é.

Ach beidh le feiscint ar ghníomh ghormghaile é. Is é John na Gaile Goirme an fear a bhfuil an chailís nimhe aige faoi láthair. Tá ólta aige as cheana, agus tá an nimh gafa isteach i gcorp an Chomhaontais Ghlais. Tá na dochtúirí amuigh cheana féachaint an lobhfaidh sí an cholainn go léir.

Níor mhaith linn go mbeadh sé le rá go raibh sé ina Thaoiseach ar Taliban na Teamhrach.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar