Toghchan eile

Beidh ar Chaitríona Ní Cheallaigh leanstan le bheith ina huachtarán ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i ndiaidh gur theip ar …

Beidh ar Chaitríona Ní Cheallaigh leanstan le bheith ina huachtarán ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i ndiaidh gur theip ar chruinniú cinn bliana an eagrais uachtarán nua a thoghadh an Chéadaoin seo caite.

Beirt a bhí san iomaíocht - iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, agus ball de chuid Chomhar na Múinteoirí Gaeilge, Máire Ní Laoire.

Chaith 18 eagras den 22 eagras a bhí cláraithe leis an Chomhdháil vóta. Ach de bharr na rialacha vótála a bhí i bhfeidhm, ní bhfuair ceachtar den bheirt cuóta le bheith ainmnithe mar uachtarán. Athfhógrófar an próiseas ainmniúcháin agus beidh ar an bheirt - má chinneann siad air - dul chun tosaigh arís. Beidh seans fosta ag daoine eile ainmniúchán a lorg.