Tragoid an laoich

Beocheist: Bhí rian den tragóid Ghréigeach ag baint le cúrsaí phríomhaire na Breataine Tony Blair ag deireadh na seachtaine…

Beocheist: Bhí rian den tragóid Ghréigeach ag baint le cúrsaí phríomhaire na Breataine Tony Blair ag deireadh na seachtaine.

Fad is a bhí buaicphointe ina shaol polaitiúil á cheiliúradh ag Blair lena óráid bhuaiceach os comhair Chomhdháil Mheiriceá, bhí saineolaí cúthail gnaíúil ag cur lámh ina bhás féin i gciúineas coille bige sa mBreatain.

Ach, bhí gníomh an fhir sa gcoill chun creathadh a bhaint as saol polaitiúil Blair nach bhfuil a thoradh iomlán feicthe go fóill againn.

B'fhéidir go nochtfadh sé locht marfach an laoich. D'fhéadfadh sé go bhfuil deireadh ré Blair mar cheannaire á fheiceáil againn.

READ MORE

Cheana féin, tá Blair agus an chonairt pholaitiúil a chuir brú ar an saineolaí David Kelly ag iarraidh an locht a chur ar an mBBC.

Munar chraol an BBC an scéal, a deir siad, ní tharlódh aon tubaiste mar seo.

Tá siad ag ceiliúradh admhála ón mBBC gurb é Kelly príomhfhoinse an scéil go raibh doiciméidí faisnéise á maisiú ag preasoifig Blair chun contúirt armlón Saddam Hussein a mhéadú.

I dtuairisc eile, d'ainmnigh an BBC Alastair Campbell, preasoifigeach Blair, mar an duine a d'eagraigh an maisiú.

Ar an drochuair, sa rí-rá a lean an tuairisc sin, cailleadh radharc ar an bpríomhfhírinne - is í sin nach raibh na doiciméidí faisnéise a bhí á bhfoilsiú ag Sráid Downing cruinn agus go raibh áibhéil á déanamh ar chumas Saddam Hussein airm léirscriosta a láinséail. Is cuma an raibh lámh ag Alastair Campbell sa scéal nó nach raibh.

Bhí an ceart ar fad ag an mBBC na tuairimí a thug Kelly dóibh a chur ar fáil do phobal a bhí ag cur daoine óga thar lear chun bás a fháil i gcogadh a raibh cúis mhaith leis de réir an rialtais. Ní raibh an ceart acu a mhaíomh, áfach, go raibh foinsí eile acu don scéal.

Sa raic atá tosaithe anois, tá an baol ann go ndéanfar dearmad arís ar an bpríomhfhírinne sin agus go ligfeadh muintir na Breataine d'fheachtas dea-eagraithe cumarsáide a n-aird a dhíriú ar rud ar bith eile.

Tá lucht tacaíochta an rialtais ag déanamh a mhór den teideal a thug an BBC do Kelly mar "intelligence source" ina dtuairisc.

Is féidir an argóint a dhéanamh nár bhain Kelly go díreach le hobair na seirbhísí faisnéise agus nár chóir don mBBC cur síos air mar sin. Ach ní féidir saineolas agus taithí Kelly mar chigire idirnáisiúnta arm san Iaráic a shéanadh. Is cuma cén teideal a thug an BBC dó, níor bhain sé pioc d'údarás na tuairimíochta.

An cheist is spéisiúla, ar ndóigh, cén fáth go bhfuil fáilte níos mó i Meiriceá roimh cheannaire a thug Páirtí Lucht Oibre na Breataine ar ais ón bhfásach polaitiúil ná mar atá sa bhaile ... rud a ndearna sé féin magadh faoi ina óráid chomhdhála.

Fiú roimh a chuairt ar Mheiriceá, bhí ceisteanna á gcur taobh istigh de Pháirtí an Lucht Oibre faoi cheannaireacht Blair. Don gcuid is mó, tá na ceisteanna sin dírithe ar na cúiseanna a thug Blair chun cogadh a chur ar an Iaráic.

Bhí an iris is mó meas den eite chlé, New Statesman, ag moladh athrú ceannaireachta an tseachtain seo caite. In alt eile san iris chéanna, cuirtear ceisteanna faoi shláinte intinne an phríomhaire.

Cuirtear i leith Blair san alt sin ní amháin gur féidir leis dallamullóg a chur ar dhaoine eile ach, níos scanrúla fós, gur féidir leis dallamullóg a chur air féin.

De réir síceolaithe a ceistíodh, d'fhéadfadh sé nach n-aithníonn Blair go bhfuil sé ag inse bréaga nuair a chuireann sé casadh ("spin") ar scéal mar go bhfuil an acmhainn aige a chur ina luí air féin go bhfuil sé fíor.

Bíonn sé cosúil le haisteoir atá tumtha go hiomlán i bpáirt, dar leo, agus bhí an creideamh agus an dáiríreacht sin le feiceáil sna díospóireachtaí a craoladh ar teilifís roimh an gcogadh.

Éinne a chonaic Blair ag labhairt le Comhdháil Mheiriceá agus loinnir Mheissiasach na dáiríreachta ina shúile nuair a sheas sé lena chúiseanna cogaidh, rithfeadh sé leo go raibh cuid den gceart ag na síceolaithe.

Tar éis na hóráide sin, caithfear an cheist a chur: an Blair atá ag sodar i ndiaidh Bush nó Bush ata ag sodar i ndiaidh Blair?

Is trua nach le huachtarán eile Mheiriceá a d'éist sé sular thosaigh sé ar an mbealach chun cogaidh.

Ba mhaith an chomhairle a thug Lincoln nuair a dúirt sé: "Is féidir leat dallamullóg a chur ar an bpobal go léir cuid den am agus ar chuid den bpobal an t-am go léir ach ní féidir leat dallamullog a chur ar an bpobal go léir an t-am go léir."

D'fhéadfadh sé sin bheith mar fheartlaoi pholaitiúil ag Tony Blair fós.