Uachtaran aris eile

Is é an scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin atá ceaptha ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana.

Is é an scríbhneoir Breandán Ó Doibhlin atá ceaptha ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana.

Is de bhunadh Thír Eoghain é Ó Doibhlin agus aithne ag mórán daoine air as a chuid oibre ar son nua-litríochta na Gaeilge agus chultúr na Fraince.

Bhí sé ina ollamh le Nua-Theangacha i Má Nuad idir 1958 agus 1996 agus duine de na daoine ba ghníomhúla a d'oibrigh thar ceann Choláiste na nÉireannach i bPáras. Tá sé ina uachtarán ar an choláiste céanna ó 1984. Bhronn rialtas na Fraince gradaim air as a shaothar ar son na Fraincise, ina measc Légion d'Honneur le gradam Officier.

Tá idir úrscéalta, dhrámaí agus aistí foilsithe aige, ina measc An Branar Gan Cur agus Aistí Critice agus Cultúir. Tá sraith de théacsleabhair ar litríocht na Gaeilge ón Mheánaois idir lámha aige.

READ MORE

Beidh Oireachtas na Gaeilge ar siúl i dTrá Lí, Co Chiarraí, Déardaoin 30ú Deireadh Fómhair go Dé Domhnaigh 2ú, Samhain, i mbliana.