Albam úr le Conallach an cheoil

Ceol ar an sean-nós ag amhránaí óg

Seoladh an chéad albam leis an amhránaí ar an sean-nós Noeleen Ní Cholla – An Mhaighdean Mhara (Cló Iar-Chonnacht) – ag an Fhéile Phan-Ceilteach i nDoire Dé hAoine. Amhránaí óg ildánach as Gaoth Dobhair í Ní Cholla atá ag coinneáil an dé i dtraidisiún na hamhránaíochta don chéad ghlúin eile.

Is cainteoir dúchais í agus tá an Ghàidhlig ar a toil aici fosta mar gur chaith sí tamall ina cónaí ar na hoileáin i nGàidhealtachd na hAlban. Amhráin i nGaeilge, i nGàidhlig na hAlban agus i mBéarla atá le cloisteáil ar an albam seo dá bharr sin.

Chas Ní Cholla roinnt amhrán i gcuideachta an ghrúpa An Crann Óg, amhránaithe óga a bhí ina n-aoicheoltóirí ar an albam léi, Dé hAoine.

Ní hamháin go raibh na hÉireannaigh i láthair leis an cheol a sheoladh chun bealaigh ach bhí muintir na hAlban ann fosta. Beirt eile atá ar an albam agus a cheol léi ná an t-amhránaí ar an sean-nós Albanach, Tearlach MacColla, agus fear an bhosca cheoil, Calum Mac Colla.

READ MORE

Seolfar An Mhaighdean Mhara i mBéal Feirste Dé Sathairn, 18ú Aibreán, ag 9pm ag ócáid amhránaíochta ar an sean-nós in Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times