Alex Hijmans, údar, ag léamh as a úrscéal nua

Seachtain ghnóthach atá roimh an scríbhneoir, Alex Hijmans, agus é ar ais in Éirinn ar cuairt. Beidh sé ag léamh sleachta as a úrscéal nua, An Tearmann (Cois Life), san oíche amárach, Déardaoin 14ú Bealtaine, sa Siopa Leabhar, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ag 7pm.

Lena chois sin, tabharfaidh sé ceardlann scríbhneoireachta, Ó Leathanach Bán go Leathanach Lán, idir 10.30am agus 4.30pm, Dé Sathairn, 16ú Bealtaine, in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Cearnóg Pharnell, BÁC 1. Táille €60 atá air sin agus tabharfaidh sé léargas ar shaol an scríbhneora phroifisiúnta. Agus le críoch a chur ar a chamchuairt, tabharfaidh sé léamh eile as a úrscéal i gClub Áras na nGael, Gaillimh, Dé Céadaoin 20ú Bealtaine ag 7.30pm.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times