Bricfeasta Átha Cliath

Deis chaidrimh do dhaoine

Is gréasán sóisialta do dhaoine gairmiúla trí mheán na Gaeilge é “Bricfeasta na hAoine” – gréasán a bhunaigh na grúpaí Glór na nGael agus Teacht Aniar. Is é cuspóir an bhricfeasta lán béil Ghaeilge (agus bia) a thabhairt do dhaoine gairmiúla ar bhonn caradach agus deis a thabhairt dóibh éisteacht le saineolaí ag caint ar ábhar ar leith.

Is é an Dr Tom Healy a bheidh ina aoi-chainteoir ag an chéad bhricfeasta eile, Dé hAoine (25ú Aibreán) sa Cliff House, 22 Faiche Stiabhna, BÁC 2.Tosóidh an ócáid ag 7.45am agus beidh sé thart faoi 9am. Tá Healy ina Stiúrthóir ar an Institiúid Taighde Eacnamaíochta Nevin (NERI) faoi láthair. Roimhe sin, bhí sé ina staitisticeor sinsearach sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta. D’oibrigh sé freisin mar Oifigeach Taighde leis an Northern Ireland Economic Research Centre (1989-1991) agus leis an ESRI i mBaile Átha Cliath (1981-1983). Chaith sé tréimhse cúig bliana ag obair san OECD i bPáras.

Tá suim faoi leith aige i gcúrsai caiteachas poiblí, cúrsaí oideachais, an gréasán sóisialta agus noirm chathartha agus an tionchar a bhíonn orthu sin ar an tsochaí.

Táille €25 a bheidh ar an ócáid agus gealltar lón machnaimh agus eile.

Eolas: www.teachtaniar.eu

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times