Ceiliúradh ar bhlianta foilsitheoireachta

Tá an Gúm 90 bliain d’aois agus tá comhdháil le stair agus obair an eagrais a chomóradh


Is beag duine a léann leabhair nach n-aithneoidh láithreach na focail – An Gúm. Nócha bliain d’aois atá an t-eagras, eagras atá faoi chúram Fhoras na Gaeilge anois. Tá lucht an fhorais agus scoláirí le comhdháil lae ar champas UCD a reáchtáil Dé hAoine le saothar an Ghúim a phlé.

Le leabhair a aistriú go Gaeilge agus ábhar léitheoireachta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge a bhunaigh Ernest Blythe, aire rialtais sna 1920í, an t-eagras an chéad lá riamh. Is ag foilsiú leo atá siad ó shin.

Oiread chéanna le Foras na Gaeilge féin, bhain iaróga leis an Ghúm ó thús ama. Ní raibh gach aon duine sásta le cuspóirí agus le cur chuige an eagrais.

Bhí an scríbhneoir Conallach Seosamh Mac Grianna fíochmhar á cháineadh: “This is how the Gargantuan paper giant was born. Ernest Blythe having been in Wales and having seen a number of English books translated into Welsh, and Ernest Blythe being thick in the head, came to the conclusion that a similar scheme of translation would be good for Ireland.”

READ MORE

Murar leor sin, thug Mac Grianna fuath d’ainm an eagrais: “The civil servants – or was it the type writers? – discovered the word Gúm – phonetically the most swinish word that could be grunted into human ears. Do not ask me what the word means: I do not know, not have I ever met any man who could tell me.”

Sa bhliain 1932 a foilsíodh an méid sin ach bhí daoine ar an phort chéanna go ceann tamaill ina dhiaidh sin.

Scríobh an criticeoir, Tomás Ó Floinn, ar Comhar sa bhliain 1942 go raibh sé "i gcoinne aistriúcháin ón mBéarla, ar chúiseanna nach bhfuil spás agam a léiriú anseo. Ach cá bhfuil dul as ag an nGúm? Níl na bunleabhair ag teacht chucu".

Bíodh sin mar atá, déarfainn gur beag léitheoir nach bhfuil leabhar de chuid an Ghúim ar an tseilf acu.

Bíodh is go raibh sé cáinteach faoin eagras, chuir an Griannach aistriúchán álainn ar Islanders le Peadar O'Donnell ar fáil. Leabhar breá atá san úrscéal bheag seo i mBéarla agus tá an leagan le Mac Grianna, Muintir an Oileáin, thar barr.

Níor dhoiligh do dhuine ar bith againn liosta fada leabhar fiúntach de chuid an Ghúim a lua. Ba bhoichte i bhfad muid mar léitheoirí gan iad.

Mar sin de, cruinneoidh aos léinn le chéile i mBaile Átha Cliath le cás an Ghúim a phlé. Réaltra de scoláirí a bheas ann, ina measc, beidh Gearóid Ó Tuathaigh ag caint ar bhunú an Ghúim agus na taomanna polaitíochta agus staire a mhúnlaigh é; labhróidh Michael Cronin faoin eagras i gcomhthéacs na hEorpa; scrúdóidh Gearóidín Uí Laighléis an caidreamh a bhí ag an eagras le scríbhneoirí agus beidh Alan Titley, colúnaí abhus anseo, i mbun turais ar sheoda leathdhearmadta an Ghúim.

Lena chois sin, amharcfar ar an fhilíocht, ar leabhair do pháistí, ar ealaín na gclúdach agus ar na leabhair ar tugadh diúltú dóibh.

Ní bréag a rá go bhfuil lón machnaimh sa chlár agus is beag seans go gcluinfear ‘swinish’ focal le linn an lae! Eolas: PMacLiam@forasnagaeilge.ie

Ceol an Chonallaigh

Agus ag caint ar chúrsaí litríochta, aistriúcháin agus Chonallaigh...

Tá leabhar nua le Róise Ní Bhaoill, scríbhneoir de bhunadh Rann na Feirste, anois ar fáil – Ceol Leat! Amhráin agus rannta do pháistí óga (Altram, £10).

Leabhar lán pictiúr lándaite atá ann, le dhá dhlúthdhiosca, agus é mar chuspóir leis deis a thabhairt do thuismitheoirí “bheith ag rannaireacht lena gcuid páistí, rud a chuireann dúshraith láidir faoi léitheoireacht agus litearthacht an pháiste agus a thacaíonn le cleachtadh agus foghlaim na Gaeilge”.

Le cois an ábhair bheith i nGaeilge ar an leathanach, tá aistriúcháin bheaga Bhéarla ag bun an leathanaigh, rud a chuideos le tuismitheoirí nach bhfuil ar a gcompord ar fad le léamh na teanga.

Tá leaganacha nua Gaeilge ann de Polly put the kettle on, mar shampla, agus amhráin agus dánta nua a scríobh Ní Bhaoill í féin.

Gráinne Holland atá i mbun na n-amhrán; tá ceol le Dónal O’Connor ann agus Trisha Deery a rinne na léaráidí iontacha.

An focal scoir faoin scríbhneoir féin: “Gaoth, gaoth,/lán de bhrí/ag séideadh sa spéir./Nach fuar an t-aer atá leat?/Tá’n geimhreadh insan aer.”

Tá, leoga! Eolas: eolas@altram.org

Eagarthóir de dhíth

Tá an iris mhíosúil,

Comhar

, ar lorg Eagarthóra Liteartha. “Duine rannpháirteach, fuinniúil, beoga, cumasach” atá de dhíth orthu. Cuirtear cuireadh ar iarrthóirí litir iarratais, mar aon le CV, agus “ráiteas físe” don iris mar fhoilseachán liteartha a chur go comhar.liteartha2016@gmail.com roimh 5pm Dé Máirt, 25ú Deireadh Fómhair.

Beidh agallaimh ar siúl Dé Luain 14ú Samhain, 2016. Eolas: www.iriscomhar.com