Cíocras, caithréim, bua agus briseadh

Beidh an bua ag an duine agus dream is mó a shantaíonn é.


Bíonn an iomaíocht géar na laethanta seo. Sa ghnó, sa mhargadh agus in aon chúram eile. Is beag an méid a scarann an chéad ón dara háit.

Cuir i gcás an cluiche ceannais iomána idir Gaillimh agus Luimneach. Gob ar ghob a bheidh sé, dar leis na saineolaithe.

Beidh faobhar breise ag teastáil mar sin, faobhar a thabharfaidh buntáiste éigin, dá laghad é, chun an ceann is fearr a fháil ar an dream eile.

Dúshlán breise é don fhoireann a bhuaigh an uair dheireanach. Conas an t-ocras agus an spreagadh a choimeád sa chás sin?

READ MORE

‘Ceart agus cóir’ an mana atá ag Contae na Gaillimhe – cé nach bhfuil sé ar shuaitheantas an gheansaí na laethanta seo.

Agus baineann an ceart agus an chóir go dlúth le spórt. Braitheann rath na gcluichí ar chur i bhfeidhm na rialacha go cothrom.

Agus ar an dea-thoil.

Ach deirtear nach bhfuil spreagadh níos fearr ná éagóir. Má shamhlaíonn an fhoireann éagóir a bheith déanta orthu, beidh siad ar a ndícheall an deis a thapú chun an éagóir a chur ina ceart an chéad uair eile.

Nach minic a fhaigheann ceathrar déag an lámh in uachtar ar chúigear déag – iad go cíocrach chun éagóir an chárta dheirg a chur ina cheart?

Agus tráthúil go maith, tugann mana Luimnigh léargas breise air seo: “Cuimhnigh ar Luimneach.”

Más cruinn na foinsí staire, áfach, nath níos faide a bhí ann agus é in úsáid den chéad uair: “Cuimhnighidh ar Luimnigh is ar fheill na Sasanach”.

Gáir chatha a bhí ann agus é le clos ó cheannaire na nGéanna Fiáine agus iad ag tabhairt ruathair i gcoinne na Sasanach i Fontenay na Fraince i 1745.

Ach cérbh é feall na Sasanach a bhí le cur i gcuimhne?

Tagairt ab ea é don chonradh a shínigh an Sáirséalach i 1691 tar éis do ghéilleadh do choróin Shasana i Luimneach.

Mar chuid den chonradh, fágadh saoirse de chineálacha éagsúla ag na hÉireannaigh, cead dul thar lear mar shampla, mar a rinne na mílte Géanna Fiáine sa chéad bliain ina dhiaidh sin.

Ach chuir na Péindlíthe mórán de na cearta seo ar ceal ó 1695 ar aghaidh, mar shampla, cosc ar chreideamh, oideachas, maoin.

Fontenoy

Gan amhras bhí ceannaire na briogáide Éireannaí sa Fhrainc ar a dhícheall breith ar aon ghríosadh in aon chor a thabharfadh an svae leo. Rinne an gháir chatha ceangal tábhachtach idir ruathar Fontenoy agus an éagóir nó an fheall a imríodh thar n-ais in Éirinn.

Cuimhnigh go raibh na saighdiúirí seo i bhfad i gcéin óna dtír féin ag troid ar son cúise nár bhain go díreach leo féin. Cuimhnigh leis, gur ruathar i gcoinne an chnoic a bhí ann, agus gur beaignití seachas gunnaí le hurchair a bhí in úsáid acu don ruathar áirithe sin.

Bhain na Géanna Fiáine cáil mhór ar pháirceanna catha na hEorpa as a chíocraí is a bhí siad i mbun troda.

Is beag aird a bheidh ar éinne ar na nithe sin Dé Domhnaigh seo chugainn. Ach fós féin, léiríonn sé a thábhachtaí is atá an mórtas cine, pribhléid agus dualgas in éineacht.

Ar an gcuma chéanna, ionadaí ar an bpobal dar de é is ea an t-imreoir. Tá tábhacht ag baint leis an suaitheantas mar sin, mar cheangal idir an pobal agus an t-imreoir – na hucaeirí ar gheansaí na Gaillimhe, nó carraig an chonartha, an caisleán, an machaire méith, an tSionainn ar gheansaí Luimnigh.

Ní bheidh cúis ghearáin ag éinne má bhíonn an cluiche ceart agus cóir. Ach beidh an bheirt bhainisteoirí ar a ndícheall breith ar aon chúis in aon chor a chuireann le cíocras na foirne, agus iad ag dul ar a ruathar féin.

Beidh straitéisí ag teastáil – focal molta anseo, íde béil ansiúd. Nó cáineadh nó díspeagadh ó iriseoir éigin a chuirfear i gcuimhne más gá ag leath ama sa seomra feistis.

Tá sé de dhualgas ar an mbainisteoir cíocras na foirne a chosaint oiread agus is féidir.

Agus mura bhfuil aon éagóir ann le tarraingt as, ní bheidh ionadh ar éinne má dhéantar éagóir nó éigeart a chumadh.

Ar son na cúise.

Ar son na caithréime.

Ní faide gob na gé ná gob an ghandail, abraimis.

Mar bíonn an bua ag an duine nó an dream is mó a shantaíonn é. Sa chath, san iomáint, agus in aon ruathar eile.

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. @cathaldepaor