Déanta in Éirinn

Tá gluaiseacht na healaíne faoi chomaoin ag beirt bhan ealaíonta

Thosaigh Gluaiseacht na hEalaíne agus na Ceardaíochta sa Bhreatain ag deireadh an 19ú haois agus scaip ar fud na hEorpa agus go cuid mhór de Stáit Aontaithe Mheiriceá sna blianta ina dhiaidh sin.

Bhí forbairt ar an réimse sin in Éirinn ar aon dul le fás na gcomharchumann ar go leor bealaí, gluaiseacht eile a thosaigh thart ar an am céanna.

Na haidhmeanna agus na fealsúnachtaí a bhí laistiar de na gluaiseachtaí sin,
spreagadar smaointeoirí agus ealaíontóirí eile na hÉireann sa ré chéanna, Pádraic Ó Conaire ina measc.

Ealaíontóir eile a bhí ar thús cadhnaíochta sa ghluaiseacht nua sin ab ea Sarah Purser (1848-1943), ealaíontóir gloine daite a bhí ina múinteoir ealaíne sa Dublin Metropolitan School of Art agus a bhunaigh a stiúideo ealaíne féin, An Túr Gloine, ar Shráid Pheambróg, san ardchathair, stiúideo gloine daite a raibh d’aidhm aici glúin mac léinn nua-oilte a thabhairt le chéile ar bhonn comharchumannach chun réimse ealaíne na gloine daite a chur chun cinn.

READ MORE

Bhí an ghné sin de na healaíona neamhfhorbartha in Éirinn go háirithe. Bhí borradh faoi thógáil séipéal ó baineadh Fuascailt na gCaitliceach amach sa bhliain 1829 ach bhí formhór na sagart agus na n-easpag truaillithe cheana ag múnlaí gallda agus a ndroim tugtha acu don ealaín
dhúchasach Ghaelach.

Is é a bhí ar intinn ag Purser ná gluaiseacht nua sa réimse ealaíne seo a chur chun cinn, gluaiseacht ina ndéanfaí na seanmhóitífeanna Ceilteacha a athbheochan ní hamháin i réimse na gloine daite ach i réimsí na miotalóireachta, na dathadóireachta, na
seodóireachta agus na
dealbhóireachta leis, agus iad seo a theilgean i slí a bhí feiliúnach don ré
nua-aimseartha agus don stát nua neamhspleách a bhí ar na bacáin.

Ba ag taispeántas na bliana 1910 de Chumann Ealaíne agus Ceardaíochta na hÉireann a chonaic Purser saothar mná óige amháin a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi, bean a bhainfeadh clú agus cáil amach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta i réimse ealaíne thar a bheith deacair, an ghloine dhaite; b'in í
Wilhelmina Margaret Geddes (1887-1955). Luaithríona ag Ullmhú na Deirféar Gránna teideal an phictiúir a chuaigh i bhfeidhm go mór ar Purser agus a léirigh di go raibh bua ealaíne as an ngnách ag Geddes.

Spreag Purser an Béal Feirsteach óg le triail a bhaint as réimse na gloine daite agus tháinig Geddes chun cónaithe i mBaile Átha Cliath. Ba sa Túr Gloine a dhear Geddes an chéad saothar crábhaidh aici, trí phainéal bheaga dar teideal Saol Cholmán Macduagh, painéil atá inniu i nDánlann Hugh Lane, Baile Átha Cliath.

Léirigh luath-iarrachtaí Geddes go raibh féinmhuinín agus bua ealaíne den scoth aici agus comhthuiscint le feiceáil idir na dathanna troma láidre a chleacht sí agus cumhacht mhistéireach na filíochta.

Aos ceirde na meánaoise, iad siúd a thóg ardeaglaisí móra na hEorpa, ardeaglaisí na Fraince i bPáras, Rouen agus Chartres ach go háirithe, iad siúd ba phríomhfhoinse spreagtha ag Geddes.

Ba chumhachtach iad na hoibreacha móra taibhseacha a dhear Geddes le haghaidh séipéil agus foirgnimh phoiblí den uile chineál as sin amach, tionscadail a thug go heaglaisí ar fud na hEorpa agus i bhfad i gcéin í, go Ceanada, an Nua-Shéalainn agus Singeapór. An tionscadal ba mhó le rá ar fad, is sa bhliain 1919 a cuireadh i gcrích é agus ba choimisiún é sin a fuair Geddes ón Diúc Chonnacht i gcuimhne ar shaighdiúirí Cheanada a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda. I Séipéal Naomh Parthalán in Ottawa atá an fhuinneog ghloine dhaite ollmhór sin le feiceáil inniu.

Thug léirmheastóirí ealaíne moladh mór dó seo san Eoraip agus i gCeanada araon. Creid é nó ná creid agus cé go raibh sí ag obair le hábhair a bhí thar a bheith tuirsiúil ó thaobh na fisiciúlachta de, bhí
drochshláinte ag cur as do Geddes ar feadh a saoil. Ina ainneoin sin, bhí Geddes tréitheach i réimsí eile ealaíne, an dearadh grafach agus obair shnáthaide san áireamh.

Bhain conspóid leis an gcéad togra mór eile a chríochnaigh sí, léiriú de Chroch Chéasta Chríost. Inniu, aithnítear an ghloine dhaite sin mar shainchomhartha na máistreachta sa réimse ealaíne sin.

Lean Geddes uirthi ag cruthú sárshaothar taibhseach a bhfuil áilleacht thar na bearta le sonrú orthu. Dhear sí fuinneoga d’fhoirgnimh in Éirinn, i Sasana, sa Bhreatain Bheag, an Ghearmáin, an Bheilg (ag Ypres i gcuimhne ar rí na Beilge, Albert a hAon). Díol suntais gur bhain cúig phainéal obair shnáthaide a d’oibrigh Wilhelmina i gcomhar lena deirfiúr Ethel duaiseanna móra taispeántas Aonach Thailteann na bliana 1922 a tionóladh i mBaile Átha Cliath.

Seans gur comhtharlú aisteach é ach eagraíodh féile nua dar teideal “An Tailteann Nua” an samhradh seo i gcathair Luimnigh, i gcuimhne ar an bhféile ársa. Bheadh Geddes bródúil as an togra sin.