Dílseachtaí trína chéile

‘Is dona an rud a bheith buailte ag ceantar’


Tharla mé in Santiago de Compostela suim bhlianta ó shin.

Ní ar an gCamino a bhí mé go cam ná go díreach, ach caithfead a admháil gur dhein mé an cúpla céad slat dheireanach den turas ó thaobh amháin den phríomhphlaza go dtí an Ard-Eaglais.

Is dócha go bhfaighidh mé loghadh éigin as an smut sin féin.

Nuair a chrom mé ar a bheith ag caint le muintir na háite tuigeadh dom nár mhór a ngean ar Mhaidrid.

READ MORE

I dtosach shíl mé gurbh shin gnáthéad na cathrach bige leis an mbullaí mór: amhras Chorcaí ar Bhéal Feirste is ar Bhaile Átha Cliath; col Milano le Roma, Manchuin le Londain, Cathair Pheadair le Moscó, Shanghai le Beijing.

Is nuair a thosnaigh caint um chúrsaí peile a thuigeas go raibh an scéal mó is casta ná sin, agus is í an chaint um chúrsaí peile an teanga idirnáisiúnta idir fir a thuigeann an difear idir liathróid chruinn agus liathróid ubhchruthach. Bladar Tar éis mórán bladair agus blubaireachta rith sé liom nach raibh an comhluadar seo Galísiach ar son go mbuafadh foireann náisiúnta na Spáinne cluiche ar bith, go fiú i gcoinne na sean-naimhde go léir a bhí acu.

D’fhiafraigh mé go ciúin béasach támáilte sa chás is go mbeadh an Spáinn is an Phoirtingéil á fhéachaint le chéile cé acu taobh lena rachadh siad.

Bhí m’aghaidh leis an doras faoin tráth seo, agus bhí scuaine tacsaithe taobh amuigh.

“An Phoirtingéil!” a tháinig as béala a chéile, agus bhí an freagra chomh pras soiléir ar a mbeola le cuileog in uachtar reoite.

B’í an Phoirtingéil a gcumann rúnda mar níor mhothaigh siad iad féin mar chuid dhílis den Spáinn Chaistíliach.

Ba ghaire a n-urlabhra ghnáith leis an bPoirtingéilis ná leis leis an Spáinnis oifigiúil chaighdeánta.

Tá mar alt creidimh nach dtugadh na Catalóinigh dílseacht iomlán d’fhoirinn na Spáinne go dtí le déanaí nuair a tosnaíodh ar iad a bheith éiritheach; agus tá an chuma air go bhfuil cuid den dílseacht sin ag tráth anois nuair atá an corn briste.

Is chuige atáim gur domhaine iad dílseachtaí spóirt go minic ná dílseachtaí stáit.

Dhéantaí muga maga de nath úd Norman Tebbit Shasana maidir le hinimircigh ón Áisia nuair a mhaígh sé maidir le daoine isteach an dtacódh siad le Sasana nó leis an India/Pacastáin/Sri Lanka i gcluiche dothuigthe cruicéid mar theistiméireacht dílseachta.

Mo chruinnthuairim nach raibh sé rófhada ón sprioc.

Is taithíoch leis an aos tráchtaireachta a mhaíomh go bhfuil an scéal agus an saol thar a bheith casta.

Is fíor go bhfuil ar an leibhéal is fairsinge agus is leithne.

Ach ar pháirc na peile, no ar fhaiche bhog réidh leathan fhéarmhar úrghlais fhliucháilte an chruicéid féin níl dhá thaobh na himeartha ann.

Ar fhaiche an spóirt tá an báire gan mhearbhall.

Ó sea, ar ais arís. Bhí cluiche atá lándearmadta ag daoine ciallmhara idir amhais na hÉireann agus gallóglaigh na hAlban i nGlaschú an tseachtain seo caite. Bhí an cluiche mar a bhí riamh idir amhais agus gallóglaigh – gránna agus garbh. Cluiche sóisir D'imir an dá fhoireann mar a bheadh siad i gcluiche sóisir peile i gCill Chainnigh: an lascadh álainn san aer, an bualadh buile le cloigeann, an speach gan choinne, an dia's muire de phas trasna an ghoirt, an sunc nár buaileadh, an ruathar reatha go himeall an domhain, an spéirchaid a thuirlingeodh áit ar bith, an fan na talún le preabadh, an cloigeann cá bhfios, an pheil ghaelach gan lámha, an dóchas gan déithe…

Bhí an lá le Tuaisceart na Breataine, nó le Cullodonia, nó le hAlbain, no Scuttia, nó le pé tír a shocróidh ainm dóibh féin feasta tar éis Dependence Day gach bliain ar an 18ú Meán Fómhair.

Is dona an rud d’fhoirinn ar bith, go háirithe sinne, a bheith buailte ag ceantar.

Ina choinne sin siar, ní leanann dílseachtaí spóirt dílseachtaí na polaitíochta.

Fág mo chairde sa Ghailísia as an tslí, tá’s ag púcaí peidhl na poblachta nach leanann aontachtaithe na sé chontaetha an fhoireann iontach againn féin, agus is eol chomh soiléir céanna nach dtabharfadh leaid as iarthar Bhéal Feirste an tacaíocht is lú ná is bídí d’fhoirinn Noirnaidhrlaind.

Ní leanadh lucht Glasgow Celtic foireann na hAlban ach go fánach go dtí le déanaí.

Gabhann iarthar Luimní le Ciarraí sa chaideolaíocht mar is gúitsí gandail iad ina gcroí istigh.

Is í is cúis leis sin dílseacht níos domhaine ná teorainneacha na polaitíochta atá tarraingthe soir siar fois fais húmla hámla gogaide gamaide de líníocht ghlantseansúil nach foláir géilleadh di ar léarscáil na geograife, ach a tharraingíonn ar an gcroí nó ar an dímheabhair ar pháirc na peile.

Baintear an screamh anuas, scumhtar an barrchraiceann, sciúrtar fásra na polaitíochta agus feicfidh tú thiar i nglaine na spéire an dílseacht cheart. Dílseacht spóirt í níos minicí ná a mhalairt.