Finscéal agus fírinne

Na Dubs agus an Mhí – comharsana callánacha na caide


Ní hócáid mhór spóirt go géar-iomaíocht.

I gcás Chumann Lúthchleas Gael de, treisítear an iomaíocht le dílseacht do pharóiste nó contae, le stair nó le finscéalaíocht.

Thar aon choinne eile i bhféilire an CLG, bíonn na nithe sin fite fuaite le chéile nuair is cluiche ceannais peile Laighean atá i gceist idir an Mhí agus Baile Átha Cliath, mar a bheidh Dé Domhnaigh seo chugainn i bPáirc an Chrócaigh.

Is í an fhinscéalaíocht an chuid is blasta den oideas. Cheana féin tá na scríbhneoirí spóirt ag maisiú na sean-nathanna faoi iomaíocht ársa domhain idir an dá chontae.

READ MORE

Fiú, tá roinnt imreoirí agus daoine i gcúlsheomraí na bhfoirne ar fuireachas le fógairt leis na meáin nach bhfuil cluiche ar bith níos gaire dá gcroíthe ná ceann idir an dá chontae seo.

Má tá eachtra amháin a bhunaigh agus a chothaigh an finscéal seo ba é comórtas peile Laighean i Samhradh na bliana 1991 é.

An cluiche atá i gceist níor chluiche ceannais é fiú, ach réamhbhabhta den chomórtas. Chríochnaigh an cluiche ar comhscór agus le linn an 30 trí lá a lean, thóg sé trí athimirt eile leis an dá chontae a scarúint óna chéile.

Sna cluichí sin ar fad, bhí an lámh in uachtar ag Baile Átha Cliath le linn farasbarr an ama ach bheir an Mhí orthu gach uair sa chúpla nóiméad deireanach.

Bhí BÁC chun tosaigh le ceithre chúilín déag in aghaidh ocht gcinn sa chluiche deireanach agus gan ach deich nóiméad le dul chun na feadóige deiridh.

Caolaíodh an bhearna diaidh ar ndiaidh, ghnóthaigh an Mhí cúl den scoth, chuir Baile Átha Cliath cic éirice ar strae agus sa nóiméad deireanach ghnóthaigh an Mhí an cúilín buach – agus i dtreo Chnoc 16 le searbhús na Dubs a mhéadú.

Chruthaigh na cluichí sin íomhá dhoscriosta de ghéar-iomaíocht idir an dá chontae, a leanann go dtí an lá atá inniu ann, do lucht leanúna peile thar aois áirithe.

Ach, tar éis réimeas na nUltach níos túisce sa chéad seo, tá claochló tagtha ar an bpeil; claochló ar na himreoirí chomh maith.

Táid bréan de bheith ag cloisteáil faoi ’91 agus b’fhearr leo go gcuimhneofaí orthu de bharr éachtanna eile ina saol imeartha.

Sin é an finscéal.

Seo anois an fhírinne.

Bhí tréimhse ann – ó 1983 go dtí 2005 – nuair a bhí iomaíocht ghéar idir an Mhí agus Baile Átha Cliath; iomaíocht a chuir gliondar ar chách a raibh dúil acu sa pheil.

Comharsa bhéal dorais, an chathair mhór in aghaidh na tuaithe – mhéadaigh siad ar fad an dráma.

B’shin iad Blianta Boylan, nuair a bhí an Mhí faoi stiúir an luibheolaí ghéarchúisigh as Dún Bóinne.

Bhuaigh siad ceithre cinn de chraobhacha Uile-Éireann sa pheil agus bhuaileadar Baile Átha Cliath ar an ród chuig Sam go minic.

Ach, dáiríre, b’eisceacht iad na blianta sin.

Tá 24 Craobh Uile-Éireann buaite ag Áth Cliath in aghaidh seacht gcinn don Mhí.

Maidir le Craobhacha Laighean de, is é an scór ná 51 teideal i gcomparáid le 21.

Leis an fhírinne ghlan a rá, bhí forlámhas ag Áth Cliath ar feadh fhormhór na mblianta, rud nach dócha go n-athrófar Dé Domhnaigh.

Baineadh go leor de sprid na coimhlinte as na cluichí seo nuair a tógadh isteach na cluichí cáilithe.

Ach bhí athruithe móra eile ag tarlú chomh maith.

Maidin Domhnaigh seo chugainn ag na stopanna bus, in eaglaisí agus i siopaí na Mí beidh beagnach an oiread geansaithe gorma Átha Cliath le feiceáil is a bheidh de gheansaithe glasa an chontae Ríoga féin.

Tháinig na mílte daoine chun na Mí as tuaisceart agus iarthar na hardchathrach le cur fúthu sa chontae le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh.

Bhíodar ag lorg tithe ar phraghas níos cothroime, stíl bheatha níos fearr agus timpeallacht níos oiriúnaí lena gcuid leanaí a thógáil.

Tríd is tríd, d’aimsigh siad iad.

Táid anois ina gcnámh droma ar chlubanna CLG na Mí cé go bhfuil siad fós dílis do Bhaile Átha Cliath agus an dílseacht sin á thiomnú acu ó ghlúin go glúin.

Sa chomhthéacs sin, nach deacair d’aon taobh bheith ró-iomaíoch nó róbhinnbheach lena chéile?

Ní chuirfidh an fhírinne seo bac ar bith ar na scríbhneoirí spóirt, áfach.

Ar nós an eagarthóra nuachtáin sa scannán Hollywood Cé a Mharaigh Liberty Valance?, dar leo siúd, más fearr an finscéal ná an fhírinne, priontáil an finscéal.

Cé acu is fearr – finscéal nó fírinne?

Níl freagra air sin.

Ach beidh Páirc an Chrócaigh beagnach lán Dé Domhnaigh de leantóirí ón dá chontae, ar eol dóibh an fhírinne, ach atá ag tnúth le finscéal nua.