Idir Seachtain na Gaeilge agus seachain an Ghaeilge

Imíonn an eagraíocht ach maireann an obair


Seachtain eile; cruinniú eile. Níl a fhios agam cá mhéad cruinniú poiblí agus príobháideach a bhí agam agus Acht na dTeangacha Oifigiúla nó an teanga san Aontas Eorpach faoi chaibidil iontu. Shiúil mé giota maith den tír agus an t-ábhar seo i mo chuideachta. Leoga, díomá atá orm go bhfuil mé ag scríobh ar an ábhar go fóill.

Ar ndóigh, nuair a thosaigh mé a scríobh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla – fadó, fadó, fadó – ba iad Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a bhí taobh thiar den fheachtas an t-am sin, bíodh is go raibh lámh ag Conradh na Gaeilge san obair roimhe sin arís.

Mar a tharla, ba iad lucht an chonartha a d’eagraigh cruinniú na seachtaine seo caite i mBaile Átha Cliath faoin Acht agus faoi cheist na Gaeilge san aontas. Ó rinne Foras na Gaeilge atheagar ar an earnáil, tá deireadh leis an chomhdháil ach d’fhág siad a gcuid oibre le huacht ag an chonradh. Imíonn an eagraíocht ach maireann an obair, is léir.

Bhí scaifte measartha mór i láthair ag ócáid an chonartha; bhí rogha bhreá cainteoirí cumasacha ann agus – an chuid is tábhachtaí – níor mhair an chomhdháil rófhada! Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin… Seo lucht na Gaeilge ag caint arís ar an ábhar céanna. Bhrisfeadh sé croí cloiche – gan a bheith ag caint ar chroí iriseora – nach bhfuil éalú ar na ceisteanna seo agus níl éalú orthu de bharr nach ndéanann na páirtithe polaitíochta beart de réir briathair. Ní náire go dtí é.

READ MORE

An gcreideann duine ar bith faoin am seo go ndéanfaidh Fine Gael aon rud chun tairbhe na Gaeilge? Dúirt an Dochtúir Pádraig Breandán Ó Laighin go raibh eolas aige nach raibh sé i gceist ag an Rialtas a éileamh go gcuirfí deireadh leis an mhaolú ar an Ghaeilge san aontas. Is beag duine nach mbeadh den tuairim go bhfuil a chuid eolais cruinn.

Ba chóir aird a thabhairt fosta ar an agairt a rinne Liadh Ní Riada (SF) agus Lucinda Creighton (neamhspleáchaí) gur cheart níos mó de lucht an Bhéarla a mhealladh chun díospóireachta. Sin an áit a bhfuil an chumhacht gan amhras; lucht rólíonmhar an Bhéarla atá ar son na Gaeilge – a fhad is nach gcaithfidh siad féin í a labhairt.

Seachtain na Gaeilge ag lucht na teanga; seachain an Ghaeilge ag mórán eile.

Dá fheabhas an moladh, ní léir go bhfuil na meáin Bhéarla in ann tabhairt faoin dúshlán. Is iad na meáin Ghaeilge is eolaí ar cheisteanna Gaeilge ach is i nGaeilge – ar ndóigh – a bhíonn siad ag caint agus ag scríobh faoi na ceisteanna céanna.

Is ait an cheist í ach cad é an polasaí Béarla is fearr ag na meáin Ghaeilge?

Ar an traein Fuair mé léiriú eile ar cheist na teanga agus mé ag pilleadh abhaile ar an traein go Béal Feirste oíche Mháirt. De bharr athchóiriú ar sheanstoc traenacha, traein úr de chuid Iarnród Éireann a bhí ann agus – fan! fan! – bhí na treoracha ar bord le fáil i nGaeilge agus i mBéarla! I mBéarla amháin a bhíonn siad ar an ghnáth-thraein.

Bhí eolas le fáil i soilse inmheánacha carráiste i nGaeilge agus bhí téip shoiléir réamhthaifeadta Ghaeilge ann inar dúradh leis an phaisinéir go raibh an traein le dul go Béal Feirste agus moladh “seachain an bhearna” agus tú ag imeacht den traein. Bhí cúpla botún ann, cinnte, – “Lisburn” a bhí acu ar Lios na gCearrbhach agus “Newry” ar an Iúr – ach seirbhís í nach raibh súil agam léi agus seirbhís, gach seans, nach mbeidh ann arís nuair a dhéanfar athchóiriú ar an tseantraein.

Arbh fhiú d’eagras éigin leabhrán de logainmneacha traenacha sa Tuaisceart a ullmhú? Bheadh an taistealaí rialta agus an cuairteoir fánach in ann eolas a chur ar logainmeacha dúchasacha na tíre agus iad ag taisteal leo thar na machairí. Tá mórán áiteanna áille luaite le traenacha Northern Ireland Railways ach ní heol dom iad a bheith ar fáil i nGaeilge.

Mór an trua gan Poyntzpass, Scarva, Moira, Derriaghy, Cultra, Carnalea, Bangor a chur ar fáil i nGaeilge, i mBéarla agus míniú ar chiall an fhocail leo. Nó an bhfuil "an bhearna" áirithe seo le seachaint? Ainm páirtí Agus ag caint ar ainmneacha. Luaigh Lucinda Creighton nach raibh ainm ar a páirtí nua fós agus í ag comhdháil an chonartha. Ba cheart di teideal maith Gaelach a fháil. Cad é is fearr, mar sin, don pháirtí nua? Fianna Fódla? Fine Féin? Clann na Pobalbhreithe?