Imirce sall is anall ar feadh na gcianta

Ní dífhostaíocht amháin a thugann ar dhaoine imeacht as Éirinn


Fuaireas aiste ollscoile suim bhlianta ó shin nuair a bhí an Tíogar Ceilteach lofa in airde láin. Níor ochón agus olagón go dtí é. Bhí an tír ag titim as a chéile, bhíomar in umar na haimiléise gan fód fuiseoige, agus gan pioc i ndán don údar féin ach “an bád bán”.

B’ait liom mar aiste í, mar bhí an tír san am ag cur thar maoil le speilp, bhí airgead á dháileadh mar a bheadh smaois le slaghdán, bhí an dara teach ag daoine in áiteanna nach raibh ar aon léarscáil scoile, agus dúirt eacnamaithe (bail ó Dhia orthu) go rabhamar ar muin na muice.

Is ansin a rith sé liom go raibh athchúrsáil á déanamh ag an mac léinn ar aiste a fuair sé sa mheánscoil ó mheánmhúinteoir leisciúil (tá duine nó beirt díobh ann) a cheap dá rang í blianta roimhe sin.

Samhlaím go bhfuil taisce de sheanaistí amuigh ansin ar féidir le daltaí agus le mic léinn tarraingt as in am an ghátair. Sa chás seo, áfach, ní raibh de locht air ach go raibh sé 10 mbliana as dáta.

READ MORE

Ina choinne sin, tá an imirce, agus dá réir sin “an bád bán” nó an t-eitleán geal, chomh daingean in anam na tíre nach iontas é go bhfilleann agus go bhfillfidh choíche, agus b’fhéidir, go deo.

Samhlaítear an Gorta Mór mar uiscedhroim ina raibh an saol ar ár mian ar thaobh amháin de, agus an dearóile ón lámh go dtí an smig dár leanúint go brách ar an taobh eile.

Ar an gcéad amharc, náire shaolta í an imirce seo, nach féidir linn dóthain oibre a chur ar fáil don uile ghlúin dá dtagann; agus tubaist phearsanta í do na gaolta a fhágtar i ndiaidh na himeachta, agus poll dá réir i meanmna na tíre.

Tá suathadh agus cur-trí-chéile ann ó chianaibhín timpeall ar an “imirce inchinne” ar sainmharc na deoraíochta thar lear faoi láthair í.

Níor mhar sin a bhíodh nuair gurbh é an t-ocras amháin faoi ndear an tiomáint, nó gan radharc ar bith ar phost.

Sin é cúis na hinimirce isteach chugainn, gan amhras, agus na longa lomalán de bhochtáin ag teicheadh ó áiteanna san Afraic; agus is é cúis na gluaiseachta imirce is mó ar domhan faoi láthair ón taobh thoir theas den Áisia go dtí an meán oirthear.

Is é nach dtuigtear go rómhinic ná go soiléir, áfach, ná go rabhamar riamh siúlach.

Ó d’fhágamar an Afraic inár ndaoine gorma trí scór éigin míle bliain ó shin ghluaiseamar trasna soir i dtreo na háite a bhfuil an India anois, soir fós go dtí an Vítneam nach raibh ann, trasna na mara chun na hAstráile áit a raibh cangarúnna móra ullamh chun a seilgthe; chomhuain leis sin géag eile dínn ag síneadh isteach sa Tuirc neamhthurcach agus siar timpeall na leithinse bige a dtugtar an Eoraip anois air, Ceiltigh ag teacht aníos as poll éigin sa talamh in aice le Hallstadt, Lochlannaigh ag dul ó thuaidh mar gur thaitnigh lochanna leo, Ibéirigh ag crú na gréine go pléisiúrtha; craobh roimhe dínn ag imeacht le yakanna agus le yurtanna trasna na leacoighre go hAlaska de shiúl a gcos agus aduaidh go nathairiúil chomh fada le Tierra del Fuego áit ar las siad tinte le taispeáint go raibh deireadh an domhain sroichte acu.

Taibhsíodh riamh dom nárbh éigeantas eacnamaíochta amháin a chuir ag bogadh sinn.

Nuair nach raibh ach cúpla céad de mhílte againn ann, nó dornán de mhilliúin féin suas is anuas leis an 7 billíún a maítear a bheith ann anois, ní féidir nach raibh gannchúis éisc san fharraige, ná easpa damh ar an machaire, ná ceal cnónna agus sméara sna coillte.

Déanaim amach gur ghluais daoine mar gur theastaigh uathu a fháil amach cad a bhí ar an taobh thall den chnoc, ar bhruach eile na habhann, féachaint arbh fhíor go raibh adharca fada ar na buaibh thar lear.

Bhí tochas an taistil, agus fiosracht na fionnachtana, agus dúshlán na deoraíochta riamh ina thrúig imeachta, agus beidh go brách.

Is fada riamh imithe an lá gur tógadh in aon chlais feirme amháin tú in ascaill an ghleanna, gur phós tú an cailín/fear béal dorais, go raibh scata páistí gioblacha goblacha agat, agus sodar breá bog as sin amach go cluain na reilige – má bhí an lá sin riamh ann.

Is dual don duine a bheith ag tabhairt na sál.

Is fairsing iad na daoine ó na tíortha róshaibhre atá ina gcónaí thar lear faoi láthair, breis mhór agus cúig mhilliún Meiriceánach, mar shampla, agus ní saighdiúirí iad.

Céimithe ón mBreatain ag teicheadh, Iosraeligh i gCeanada, Sínigh saibhre ag tréigean na míorúilte...

B’fhéidir nach é an bád bán i gcónaí a bhíonn ag glaoch, ach bád na heachtraíochta.