Is é mo Carra é

Tháinig an peileadóir Jamie Carragher slán ó bhagairt an ghinmhillte


Ní fada uainn ceist an ghinmhillte, thuaidh agus theas, in am ar bith. Rialaigh cúirt i mBéal Feirste arú inne ar an ábhar, mar shampla.

Tá plé gan stad ar an ochtú leasú sa Bhunreacht i measc polaiteoirí, brúrghrúpaí agus lucht na meán traidisiúnta agus sóisialta sa Stát seo faoi láthair fosta.

Chomh maith leis sin, bhí an Taoiseach Enda Kenny ag caint ar an ábhar an tseachtain seo caite féin.

‘Teibí’ agus ‘teasaí’ an cur síos a dhéanfadh mórán daoine ar an díospóireacht.

READ MORE

Ní gá go mbeadh an chaint teibí ná teasaí, creidim. Ritheann scéal amháin liom faoi ghinmhilleadh a léiríonn cad é atá le cailleadh ag an tsochaí de bharr an chleachtais.

Fear mór Liverpool FC mé – maith dom é, a mhuintir Man U! – agus is maith is cuimhin liom beathaisnéis ar laoch mór de mo chuid, Carra, a léamh. Tá an leabhar bunaithe ar shaol an pheileadóra Jamie Carragher fear a d'fhás aníos i gceantar Learphollach a bhfuil gaolta liom féin ann.

Ar chéad leathanaigh a dhírbheathaisnéise deir Carra go ndúirt na saineolaithe go mbeadh máchailí uafásacha air dá dtiocfadh sé ar an saol, gur cinnte go mbeadh idir mhíchumais fhisiceacha agus eile ag cur as dó.

Moladh an ghin a mhilleadh, comhairle leighis a bhí coitianta um an dtrátha seo, ach dhiúltaigh na Scabhséirí. Rugadh Carra gan mháchail. Léiríonn Carra a bhuíochas dóibh sa bheathaisnéis thar a bheith spéisiúil seo.

Ar ndóigh, tá an t-uafás eolais anois againn ar fhás an duine sa bhroinn thar mar a bhí nuair a bhí Carragher ag teacht ar an saol os cionn 30 bliain ó shin. Is de bharr na bhforbairtí dochreidte le blianta beaga anuas i réimse ultrafhuaime agus íomháú chun críocha liachta atá an scéal amhlaidh. Tá taighde ceannródaíoch déanta ag Alexander Tsiaris in Ollscoil Yale, sa réimse seo, cuir i gcás.

Nuair a rugadh Carragher (1978), ní raibh go leor de na teicníochtaí sin ach i mbéal a bhforbartha agus na dochtúirí bochta ag brath ar a gcuid taithí féin agus taithí na mban a bhí faoina gcúram chun cinntí crua a dhéanamh.

Ba dhomhan folaithe í an bhroinn an tráth sin ar go leor bealaí agus bhíomar dall ar chuid mhaith a bhí ag tarlú inti.

Ní fíor é sin a thuilleadh.

Ar ndóigh, nuair a chuirtear ceist an ghinmhillte anseo, feicimid a lán teasa agus deataigh ach go minic, sin uile.

Deir lucht tacaíochta an ghinmhillte go gcabhródh córas ginmhillte níos liobrálaí in Éirinn ó thaobh cúrsaí sláinte de. Ach, a mhalairt atá fíor i gcás na dtíortha sin a bhfuil réimeas ginmhillte níos liobrálaí iontu, mar a léiríonn fianaise ó SAM, an Rúis, an tSín, an Eoraip agus ár gcomharsa bhéal dorais.

Sna tíortha sin, mar is eol do chách, tá ráta báis na mban i bhfad níos airde ná mar atá sé in Éirinn, faraor.

Is é fírinne an scéil é ná go mbaineann dúshlán i gcónaí le toircheas, agus baol go deimhin.

Is cuma cén reachtaíocht nó dlíthe atá ann, beidh ar na dochtúirí cinntí crua a dhéanamh ó am go chéile. Is míle míle trua duine ar bith in am an ghátair.

Ba chóir dúinn ár súile a oscailt anois, den chéad uair riamh, agus an fhírinne lom a admháil. Os cionn 90 faoin gcéad de na milliúin ginmhillte a dhéantar ar fud an domhain chuile bhliain, is ar chúiseanna ‘sóisialta’ a dhéantar iad.

Is é sin le rá – níl an leanbh ag teastáil ó na tuismitheoirí agus ní mar gheall ar ‘chásanna speisialta’ a dhéantar a bhformhór mór díobh.

Tá áthas orm féin gur tháinig Carra slán ar an droch-chomhairle, ar an ‘chás speisialta’; ba bhoichte sinne dá éagmais. MÍCHEÁL Ó hAODHA