JFK agus Beairic Ó Buama

Tá iarrachtaí ar siúl luachanna na Poblachta a chreimeadh

D’fhiafraítí de dhaoine de ghlúin áirithe cá raibh siad nuair a fuair siad scéala go raibh JFK lámhaite.

Bhíos féin istigh i siopa ag caint le bean an chuntair fad is a bhí mo chara ag iarraidh a lámh a chur go ciúin isteach i bpróca na milseán.

Is gléiní fós mo chuimhne ar phléaráca na tíre cúpla mí roimhe sin nuair a stop an náisiún ar feadh cúpla lá chun go sléachtfaimis roimh rí nach raibh againn.

Táimid go maith chuige sin, áfach. Ní cuimhin liom cé dúirt i dtosach go raibh córas aicmeach ag na Sasanaigh a bhí bunaithe ar theidil agus ar thalamh, córas aicmeach ag na Poncánaigh bunaithe ar airgead, agus córas aicmeach againne ach nach raibh a fhios ag aon duine cad é.

READ MORE

Is cinnte nach ndéantar an lúitéis a fheictear in áiteanna eile lenár gcaipitlithe ramhra féin; agus is cúis gháire duine ar bith a ghlacann teideal chuige féin.

De cheal na lúitéise sin dár gcuid féin, áfach, is mór mar chúiteamh an t-umhlú síos a dheinimid agus an fliuchras le fiacla agus an flústar lústar a thagann orainn nuair a thuirlingíonn na boic mhóra inár measc.

Sampla léir de sin ba ea turas JFK agus na daoine ag titim thar a chéile chun binn a chóta a chuimilt 50 bliain ar ais. De réir cuma, bhí mar a bheadh comórtas náisiúnta ar bun féachaint cén polaiteoir baile a thabharfadh an óráid meala ab fhearr.

Chuireamar ár mbundún amach arís le turas na mná béaldorais orainn an bhliain cheana: A Soilse Mórga Ardbhanríon Éilís II na Ríochta Aontaithe,
Impireacht na Breataine, na nOileán Easchósta Airgid agus FatDad; nó Lís Windsor von MountBattenberg Saxe-Coburg-Gotha Cutha Cathwulf.

Is air is deimhneach mé gur cheart a bheith cothrom agus béasach le cách, ach bhí rud éigin a d'iompaigh mo bholg i ngrianghraf a chonaic mé in Evening Echo Chorcaí de chailíní scoile "practising their curtsey" ar eagla go gcasfadh an bhean chaoin orthu agus í ag siúl an drúchta.

Mar shaoránaigh de chuid poblachta, is léir nár thuig pé múinteoir a bhí a bhí acu nach ndéanann saoránaigh
"curtsey" roimh rí ná ruire, ná roimh Phápa ná peacach.

Ní raibh bundeacair an t-ómós a tugadh do JFK mar shamhail de na himirceoirí a d'éirigh go barra a thuiscint: b'é a bhris tríd an urlár biogóideach i gcoinne
Chaitlicigh agus Éireannaigh thall.

Ba nochtadh éigin é nach rabhamar inár dtráilleanna níos mó. Ar an aon nós leis, an t-ómós do Bheairic Ó Buama. Tar éis an tsaoil, bhris sé siúd trí urlár biogóideach eile, an t-amhras faoin gcraiceann dorcha.

Idir lán na beirte acu d’iompaigh siad tóin thar ceann dhá bhunphionsabal de chuid na Stát Aontaithe, an bunúsaíochas Protastúnach agus an sclábhaíocht arbh iad fothaí na tíre iad araon.

Ní mór nach gcreidim go raibh cuid éigin de sin i gcúl ár n-intinne againn le seachtain anuas, agus leathchéad bliain ó shin, ach tá amhras orm.

Cár bheag lúitéis na meán agus súlach béil an aosa pholaitiúil, ba sheacht measa maidríneacht lathaí na ngnáthdhaoine timpeall ar bhean na Beairice agus a mbeirt iníonacha.

Daoine lasmuigh de
Choláiste na Tríonóide ag fanacht ar feadh cúpla uair an chloig le súil is go bhfaigheadh siad spleáchadh beag bídeach orthu!

Fear nár chodail néal an oíche roimh ré le teann neirbhíse mar go raibh sé le casadh leo an mhaidin dár gcionn! A thuilleadh fós agus a súile ar bior lasmuigh den phub i nDeilginis i ndóchas go bhféachfadh siad ina dtreo!

Cé sinn in aon chor?

An é go bhfuilimid ar fad inár mBould Thady Quirkí leis an gcaipín á fheirciú againn i dtreo na n-uasal i gcónaí?

Glacaim leis gur daoine fíordheasa iad na hÓBuamaí, ach bíodh go bhfuil craiceann gorm acu, ní heol dom go bhfuil fiú is deoir den fhuil ghorm ina
gcuisleanna áille.

An ceart choíche, níor scríobh siad popamhrán, ní áirím ceann a chanadh do na sluaite gan áireamh. Nó ní raibh siad i ndrochscannán le script mhaoithneach
shúilfhliuch – fós.

Cad faoin masla neamhráite do Chelsea Clinton bhocht, agus do shliocht na sceiche, Barbara agus Jenna, gan trácht ar Maureen agus Michael agus na Riagánaigh eile? ; cé go mb’fhéidir nach raibh siad riamh anseo, is deimhin nach mbeadh an húrlamáboc agus an chipidiríl chéanna timpeall orthu agus a bhí leis na hÓBuamaí beaga.

Is é atá á chreimeadh de réir a chéile ná gur poblacht sinn, nach bhfuil gach duine cothrom ó thaobh folaíochta agus dínite agus daonnachta.

Leanann de sin, ipso facto agus q.e.d. gach éagothroime eile.