Leabhar nua ar chúrsaí creidimh scríofa ag Colm Ó Tórna

Údar in aghaidh ‘scilling-smaointe, dollarsmaointe agus euro-smaointe an mhargaidh’

Seoladh leabhar nua le Colm Ó Tórna i mBaile Átha Cliath Déardaoin, Quo Vadis, a chreidmhigh? (Coiscéim, €8).

Cnuasach aistí atá ann ina ndéanann an t-údar “machnamh domhain meáite ar dhualgais an chreidimh”.

Deirtear gur fuath leis “scilling-smaointe, dollarsmaointe agus euro-smaointe an mhargaidh,” saint atá “ag truailliú” an tsaoil. Tugann an t-údar aghaidh ar “an daonnachas nua-aoiseach gan fréamhacha” agus “easpa físe” polaiteoirí agus eacnamaithe. I nDia agus sa ghnáthdhuine a chuireann sé a mhuinín. De bhunadh Chluain Tarbh é Ó Tórna agus é ag plé le hiriseoireacht na Gaeilge le fada an lá.