Míshásamh agus radacú

Muna dtugtar faoi na fadhbanna beidh blianta corracha romhainn


Chroith agus chráigh na himeachtaí i bPáras deich lá ó shin a lán againn. Tar éis cúpla lá a chaitheamh ag cíoradh scéalta nuachta faoin ainghníomh sin d’iompaigh daoine ar an gcur agus an cúiteamh faoi chontúirt don Stát seo. Bhí a lán cainte faoi acmhainní agus ábaltacht na bhfórsaí cosanta dá dtarlódh fogha den chineál a tharla i bPáras ar na meáin.

Bhí sioscadh faoi thearmann a dhiúltú do theifigh cé gur léir nár theifigh ba chúis leis an sléacht ach daoine a rugadh agus a tógadh i bPáras nó sa Bhruiséil den chuid is mó.

Gan amhras, cruann eagla an croí ach mar dúirt mé sa cholún seo cheana má chaitear i gceart le himircigh agus le teifigh is chun ár leasa é. Muna gcinntíonn sinn an cúram ceart sin d’fhéadfadh trioblóid a bheith i ndán, trioblóid a bheadh cothaithe againn féin. Is Ioslámaigh cuid díobh siúd a thagann chun an Stáit seo ach ní hionann Ioslámach agus sceimhlitheoir agus cé gur chóir dúinn a bheith cúramach níor chóir géilleadh don pharanóia.

Is léir go bhfuil ceannairí Ioslámacha anseo go mór san airdeall faoi radacú i measc an aosa óig agus iad ag labhairt amach faoi agus ag iarraidh dul i ngleic leis.

READ MORE

In ionad a bheith ag díriú agus ag cur fainic ar dhaoine faoin namhaid isteach b’fhéidir gur fearr a d’fheilfeadh sé dúinn a bheith ag faire go cúramach ar a bhfuil ag tarlú sa tsochaí anseo?

De réir mar a mhéadaíonn ar an mbearna idir saibhir agus daibhir tá sé contúirteach againn neamhshuim a dhéanamh de mhíshástacht agus corraíl i measc an phobail.

Idir polasaí déine agus cúlú eacnamaíochta tá a lán daoine ag fulgaint agus bhí ualach na déine níos troime ar an lucht oibre.

Tá corraíl tosnaithe ina measc mar is léir ón gclampar a tharraing siad faoi tháillí uisce. Tháinig siad amach ar na sráideanna ag agóidíocht agus, mar thoradh ar an bhfeachtas sin, tá siad á bpolaitiú agus á radacú ar bhealach nach bhfuil feicthe againn cheana.

Cé go ndeir siad gur grúpaí síochánta iad táthar siúd a déarfadh nach mbíonn a gcuid agóidí síochánta i gcónaí.

Corraíl de chineál eile a fhásann as bochtannas agus imeallú pobail is ea coiriúlacht. Bhí amhairín de sin i gcónaí ann ach ó tharla an cúlú eacnamaíochta tá sé méadaithe go mór.

Faoi láthair, is ceantracha tuaithe is mó atá thíos leis. Tá buíonta ó na mórchathracha ag réabadh na tíre, na bóithre nua agus mótarbhealaí ag eascú a mbealach le ruathair a thabhairt ar cheantracha a shíleadar a bheith rófhada uathu fadó.

Tá údar áitiúil de dhíth orthu agus is léir go bhfuil ag éirí leo sin a fháil. Tá an scéal chomh holc anois go bhfuil cruinnithe eolais á n-eagrú ag eagraíochtaí ar nós Chumann na bhFeirmeoirí chun daoine a chur ar an eolas conas a oibrínn na buíonta seo. Is gnáthchuid de shaol na tuaithe anois boltaí sofaisticiúla, soilse cosanta agus aláram.

Tá an lucht siúil sa tír seo leis na céadta bliain ach tá siad ar an imeall níos mó anois ná mar a bhíodar agus iad faoi chanbhás ar thaobh an bhóthair. Bhí ról aitheanta acu sa tsochaí an uair úd; ba cheardaithe iad a dhíol agus a dheisigh earraí stáin. Nuair a chaill siad an tslí bheatha sin shílfeá gur chailleadar freisin pé seasamh a bhí acu i measc an phobail.

Nuair a tharla an tragóid i láithreán stad sa Charraigh Mhaighin léirigh an pobal socraithe comhbhrón agus tacaíocht. Nuair ab éigean láithreán eile a aimsiú níor mhair an dea-mhéin.

Cuirtear ina leith go bhfuil a lán acu páirteach i gcoiriúlacht agus bruíon amhail agus nach dtarlaíonn a leithéid i measc an phobail shocraithe.

Tá a gcuid grúpaí abhcóidíochta anois ag cur cos i dtaca, ag lorg cóiríocht níos fearr agus ag siúl amach ó chruinnithe mar dhiúltú don lipéad coiriúlachta agus bruíon.

Tá siadsan anois á bpolaitiú, iad níos radacaí agus cuid acu sásta dul os comhair an phobail i dtoghcháin.

Tá fadhbanna tithíochta agus córas sláinte lochtach ag cothú tuilleadh míshásaimh. Is léir go bhfuil iontaoibh caillte ag a lán sa seanchóras polaitíochta agus go mbeidh a éileacht sin ar na torthaí olltoghcháin.

Muna dtugtar i ndáiríre faoi na fadhbanna beidh tuilleadh clampair agus blianta corracha romhainn.