Ó d’imigh tú uainn

Liam Mac Con Iomaire: duine ba ea é a bhí ar fheabhas

Aithne scáileáin a bhí agam air i dtosach. Tharla mé sa mheánscoil nuair a nocht Teilifís Éireann ar an saol (is ea, bhí tráth fadó nuair nach raibh aon teilifís in aon chor ann!) agus d’fhéachaimis ar gach rud siar amach go dtí go dtéadh an spota in éag i lár an tsneachta um mheán oíche. Is dá réir sin a d’éisteamar agus a d’fhéachamar ar an nuacht, earra nach mbacfaí leis de ghnáth.

Nuacht le fírinne a bhí ann mar bhí daoine ag léamh scéalta an lae i nGaeilge nár airíomar riamh i gCorcaigh ná i gCiarraí. Bhí múinteoir sa scoil as na Déise a raibh défhoghair aisteacha aige ceart go leor, ach ní raibh aon fhadhb againn é a thuiscint. Rud eile ba ea na boic seo ar an teilifís. Bhí teanga acu ar léir gurbh í an Ghaeilge í, ach Gaeilge ó phlainéad eile ar fad.

Liam Mac Con Iomaire ba ea duine díobh. É óigeanta, bríomhar, dáiríre, ach n’fheadar nach raibh glioscarnach éigin ina shúile. B’é ba shuaithinsí ná gur thuigeamar an uile fhocal óna bhéal in ainneon na canúna nach raibh puinn teacht againn thairsti. Agus b’in an chéad tréith a rithfeadh leat agus tú ina chomhluadar, a shoiléire is a dhírí is a líofa is a chruinne is a bhí sé, duine de na cainteoirí ba dhearcsnaithí fileata riamh de chuid ár linne.

Ní rabhas riamh ina dhlúthchara díograis dá chuid, ach bhí aithne éigsí agus oideachais agus Oireachtais agus eile agam air. Fairis sin, ba mhinic é féin agus mé féin ag léamh as na haistriúcháin a dheineamar ar ‘Cré na Cille’ (eisean i gcomhar le Tim Robinson, gan amhras), agus bhí de chineáltas ann a rá ina réamhrá féin go raibh mo cheannsa ‘freewheeling’, ar cur síos chomh beacht sin é ar an éagsúlacht idir na leaganacha againn. Tá a cheann féin agus Tim níos dílse don bhunsaothar, ach bhí fuadair éagsúla fúinn.

READ MORE

Is í an chuimhne atá ag daoine ar a chéile is luachmhaire ar fad, na cineáltais bheaga agus mhóra, an guth cinn, an leathgháire, an scéilín, an leagan cainte, an casadh pearsanta, ach i gcás scríbhneora maireann an scríbhneoireacht ar feadh tamaill ar aon nós. Chuir Liam dhá bheathaisnéis mhóra dhe ar seoda de chuid na mbeathaisnéisí Gaeilge iad: ceann acu ar a chara Breandán Ó hEithir, agus an ceann eile ar an móramhránaí, Seosamh Ó hÉanaí. Saothair mhuirne ba ea an dá cheann acu, rud atá follas ar gach aon leathanach díobh.

Ba cheart agus ba chóir gurbh é Liam a scríobhfadh saol Sheosaimh Uí Éanaí, mar fear mór amhrán ba ea é féin. Bhí sé faoi dhraíocht ag amhráin agus ag amhránaithe agus ní foláir nó bhí na céadta aige féin. Chonac é ag cur slua ina thost go béasach nuair nach raibh siad ag tabhairt cluas éisteachta d’amhránaí seachas a chéile. Ba chuid de bhia na beatha iad na hamhráin seo dó, móramhráin Chonamara go ró-áirithe, ach ní raibh sé riamh taobh le cúinge ar bith ceoil.

D’aistrigh sé cuid áirithe de sheoidleabhair Tim Robinson a bhain leis an léirscáiliú a rinneadh ar Chonamara ina fhóda caola. Ach, aisteach go leor, ceann de na haistriúcháin is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa ná ‘Scéalta ó Theach na mBocht’ le Eugene McCabe, sraith de mhonalóga dramata a bhain le haimsir na Gorta Móire. Dhein TG4 scánnán as ina dhiaidh sin a bhí cumhachtach, diamhair agus sceimhliúil.

Is cuimhin liom go ndúirt sé gur aistrigh sé an saothar seo toisc gur cheap sé go raibh sé ar fheabhas. Sin uile. Insint ar an duine féin an méid sin, óir, duine ba ea é a bhí ar fheabhas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar