Saoránaigh agus Géillsinigh

Tá difríocht na cruinne idir a bheith id shaoránach agus id ghéillsineach

Bhí dona go leor gur séanadh gur saoránach de chuid na hÉireann í Emma de Souza as Doire Cholmcille le déanaí, ach ina theannta sin déanadh géillsineach di. Tá difríocht na cruinne idir a bheith id shaoránach agus id ghéillsineach. Más saoránach tú is tú atá ar chomhchéim le gach duine eile id thír féin faoin dlí agus maidir le cearta pearsanta de. Ach más géillsineach tú tá duine nó daoine lasnairde atá os cionn na dlí, nó go deimhin féin gurbh uaidh nó uaithi nó uathu a thálann an dlí agus gach a leanann di. Saoránaigh is ea saoránaigh na hÉireann; géillsinigh tháire is ea gach duine faoi réim ríochta nó banríochta.

Chuige sin an tábhacht dhínitiúil bhunaidh gur saoránach tú, seachas go bhfuil tú ar chéim níos ísle ná pearsa a bhfuil níos mó fola ar lámha a sinsir ná ar do chuid sinsear béasach féin. Mar sin é is brí le ríogacht: go raibh fear láidir (fear de ghnáth) i bhfad siar arbh é ba láidre d’fhir láidre eile a bhí ag iomaíocht ar son corónach éigin. Agus dá réir sin, gurbh é a chuir as dá naimhde le cogadh, le claíomh, nó le nimh féin. Ní fuil ghorm atá ag ríogaigh, ach fuil níos deirge ná Genghis Khan.

Dá mba rud é gur ghairm Kim-Il-Sung rí de féin, bheadh Kim-Young-Wan ina rí ar an gCóiré ó Thuaidh anois; agus sa chás is gur instealladh fuilaistriú ríoga in Haffed-al-Assad, bheadh a mhac Basher ina rí ar an tSiria. Uaireanta is gá na fíorais shimplí seo a bhualadh abhaile sna lúitéisigh a mbíonn a dteanga amuigh acu le slabar i ndiaidh na nuachta is déanaí mar gheall ar an mbanprionsa Poppy agus an gCunta Práta ar ‘Hello’ agus ‘Goodbye’ agus ‘Royal Rumpy Pumpy’.

An cinneadh a dhein Oifig Bhaile na Banríochta Aontaithe nár saoránach í Emma de Souza - óir, cad eile a dhéanfaidis? - is ionann é agus a dhearbhú nach bhfuil na céadta míle sin de dhaoine a bhfuil pas Éireannach acu, a fágadh ar an taobh contráilte den teorainn ó thuaidh nuair a tháinig an siosúr agus an miosúr amach, nach bhfuil siad ina saoránaigh shlána chomhchomhthroma le gach duine eile, ach go bhfuilid ar chéim níos ísle ina n-ionracas daonna.

READ MORE

Tá sin ar cheann de na maslaí is measa a caitheadh i bpus ár muintire ó thuaidh, agus gur mhithid don rialtas abhus a chur ina cheart láithreach gan mhoill, gan dáil, gan mhéar fhada. Nach ait go léir é, nuair atá na mílte de bhunadh aontachtach ag cur a mbundún amach ar thóir phas na Poblachta, go bhfuiltear ag maíomh nach saoránaigh de chuid na tíre iad daoine a mhionnaíonn is a mhóidíonn gurb ea?

Is é nach dtuigtear más géillsineach tú go bhfuil tú id chónaí i gceann de na tíortha sin nár fhág na meánaoiseanna fós - nó aoiseanna i bhfad roimhe sin, le fírinne. Ina measc siúd, tá, sa chás is nach raibh fhios agat, Andorra agus Tuvalu agus Tonga agus Brunei (An Sabhdán Hassanal Bolkiah Mu’izzaddin Waddaulah ibni Al-Marhum), agus an Bhutáin (an Rí Jigme Khesar Namghyel Wangchuck) agus an Téalainn ina bhfuil a Shoilse Phrabat Somdet Phra Vajira Klao Chao Yu Hua i réim. Má cheapann tú go bhfuilid seo áiféiseach, féach leat na teidil iomlána atá ag Ríon Shasana, ach níl an spás anseo ná ar an gcéad leathanach eile lena mbreacadh.

Beag an baol go ndéanfaidh Fine Ghoul ná Fianna Fingers féin aon iarracht ar an éagóir seo a chur ina cheart. Is fearr leo a bheith ag cuimilt meala leis an DUP atá ag gáire fúthu faoina mbeola tirime féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar