Scéal maith faoi iriseoir scríofa ag iriseoir maith

Scéal scáfar is ábhar do leabhar nua Michelle Nic Pháidín, An tIriseoir (Cois Life, €10). Iriseoir óg, Bríd Nic Aoidh, as Dún na nGall an príomhcharachtar atá ann. Tá sí i ndiaidh a post sa bhaile a fhágáil agus ceann nua leis The Irish Telegraph a fháil i mBaile Átha Cliath.

Ó tharla go mbíonn sí ag plé le cúrsaí coiriúlachta, bíonn sí ag plé le cúrsaí suaracha an tsaoil. Is seift an-mhaith í sin fosta le deis a thabhairt don údar scéal dorcha a chur os comhair an léitheoir.

Agus is í atá cliste mar scríbhneoir. Tá, gan cheist, na míreanna atá aici faoi shaol an iriseora an-bhreá. Aithneoidh gach aon iriseoir a cur síos ar chúrsaí polaitíochta inmheánacha agus an caidreamh sin idir uachtaráin agus íochtaráin an tseomra nuachta. Ach tá níos mó ná sin ag Nic Pháidín; éiríonn léi duine a chur i do láthair. Is ann do Bhríd Nic Aoidh; aithníonn sí costas na n-éadaí a bhíonn ar bhean eile; mothaíonn tú a fearg i leith mí-úsáid páistí; brathann tú a míshuaimhneas agus í ag obair san ardchathair; aithníonn tú a cumha agus a mac sa bhaile lena máthair.

Cuireann Nic Pháidín an t-iomlán léir in iúl duit le teanga shimplí shaibhir: “Bhí an fhírinne ag tarraingt uirthi ina tonnta agus in ionad í a bheith lag anois bhí sí ag láidirú. Mhothaigh sí an fhearg ag baint an chroí aisti arís. Bhí gach rud faighte aici ar cheamara, nach raibh?”

READ MORE

Ábhar breá léitheoireachta agus tá súil agam nach fada go mbeidh an dara ceann ann.

póm

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times