Spraoi na cainte

Níl mórán bainisteoirí cosúil le John Evans le fáil ar na saolta seo


Níl mórán bainisteoirí cosúil le John Evans fanta na laethanta seo. Is é sin, bíonn spraoi ina chuid cainte leis na meáin. Feictear a mhothúcháin agus faoin am atá sé críochnaithe, ní bhíonn aon dul amú orainn faoina bhfuil ar intinn aige.

Bhí droch-chúpla seachtain aige le deireanas, go háirithe agus roinnt daoine ag baint suilt as an mbualadh gan choinne a thug Sligeach dóibh.

Ní fearacht bainisteoirí eile é, ní raibh aon drogall air labhairt go macánta leis na meáin, cé go raibh ceisteanna crua á gcur air.

Seasann sé lena chuid imreoirí nuair atáthar á gcáineadh, ach ní thugann sé aon leithscéal ach oiread.

READ MORE

Ní mórán bainisteoirí atá sásta spriocanna móra a leagan amach go poiblí.

Sin é an fáth gur caitheadh an oiread sin le béal Ros Comáin nuair a buaileadh iad. Bhí John Evans tar éis a rá gur chreid sé go raibh sé iontu craobh Uile-Éireann a thabhairt leo.

Agus níl aon leisce fós air. Dúirt sé arís an tseachtain seo caite go gcaithfeadh an cineál sin spioraid a bheith sa bhfoireann agus mura raibh, diabhal mórán gnó a bhí acu ag dul chun páirce.

Tá a fhios againn uilig nach bhfuil mórán seans ag Ros Comáin Sam a thabhairt siar leo. Tá dul chun cinn mór déanta acu le blianta beaga anuas, ach níl an droichead sin trasnaithe fós acu.

Cuir meon John Evans i gcomparáid le bainisteoir eile a bhfuil go leor aithne againn air, Jim Gavin. Tá buntáiste ag Jim Gavin nach bhfuil ag fear Chiarraí, sin go bhfuil sé i gceannas ar sheaimpíní. Uair ar bith a labhraítear leis, ní thugann sé tada uaidh.

An port céanna á sheinnt i gcónaí aige: “Táimid ag díriú ár n-airde go hiomlán ar an gcéad chluiche eile, níl muid ag smaoineamh ar aon ní eile.”

Is cuma cén cheist a chuirtear air. Is scil iontach é ar bhealach. Freagraíonn sé gach ceist go múinte, ach nuair a éisteann tú leis, níl tada ráite aige nach raibh a fhios agat cheana féin.

An lá ar tháinig an scéala go raibh Davey Byrne gortaithe go dona de bharr achrainn ag cluiche dúshláin i gcoinne Ard Mhacha, ní bhfuair mé tada nua as an bhfear ach oiread, in ainneoin mo chuid iarrachtaí.

Dhá nóiméad 14 soicind a mhair an t-agallamh, a rinne sé go oibligeádach cé go raibh sé faoi bhrú ama. Na giotáin chainte ceannann céanna arís: “Go leor foghlamtha againn, dúshlán mór amach roimh Bhaile Átha Cliath an Iar-Mhí a bhualadh chun craobh Laighean a thabhairt leo, b’fhéidir go bhfuil muid in dhá shraith dhifriúla ach ní hionann an craobhchomórtas agus an tsraith agus beidh an Iar-Mhí ar thóir bua.”

D’fhiafraigh mé dó céard a tharla do Davey Byrne? Dúirt sé go raibh sé ag déanamh go maith, agus go raibh cluiche maith, iomaíoch acu in aghaidh Ard Mhacha, agus go raibh a n-aird anois dírithe ar an Iar-Mhí.

Thriail mé arís é. Dúirt mé go gcaithfeadh sé go raibh i bhfad níos mó i gceist ná cluiche iomaíoch ós rud é go raibh ar Davey Byrne fanacht thar oíche san ospidéal.

Freagra níos giorra an uair seo: “Táimid ag díriú ar an Iar-Mhí agus an dúshlán a bhaineann leis an gcluiche sin.”

Chaith mé an t-ábhar in aer ansin. Ba léir nach raibh aon cheo nua le teacht ón bhfear agus má bhí féin, ní raibh mise chun é a fháil.

Tá polaiteoirí amuigh ansin a d’íocfadh airgead mór leis chun an cineál sin traenála a chur orthu.

Cé acu is cirte? Cé acu is fearr atá ag seasamh lena n-imreoirí? John nó Jim?

Dá dtarlódh a leithéid do Donie Shine, ní bheadh aon dul amú orainn faoinar tharla.

Ar bhealach, diabhal difear a dhéanfaidh sé do Davey, mar cibé rud a tharlódh, nó a deirtear, liúnta ar an taobhlíne a bhí sé.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Jim beagán a dhéanamh den eachtra. Tharla sé go raibh eisean gaibhte os comhair na meán níos túisce ná Kieran McGeeney, a bhí i bhfad ó bhaile, ag fáil faoi réir do chluiche tábhachtach in aghaidh na Gaillimhe.

Is dóigh nach raibh an chonspóid seo ag tarraingt an méid céanna airde in Ard Mhacha.

Bhí uair ann a bhíodh iriseoirí sásta Jim a fheiceáil ag teacht ina dtreo. Fear éirimiúil a bhí in ann anailís a dhéanamh go pointeáilte agus cairdiúil.

Tá na tréithe seo fós aige, is é an trua go bhfuil siad á gcoinneáil i bhfolach de bharr 'bainistiú na meán'. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh