Tá clú ar Conor McGregor as a bheith ag troid – ach tá cumas cainte i nGaeilge ann fosta


Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste, deirtear. Roimh an tseachtain seo caite, níor cheap mé go mbeadh Gaeilge bhriste in armlann an trodaí Conor McGregor. Bhí sé i mBaile Átha Cliath mar chuid de thuras bolscaireachta sula dtabharfadh sé aghaidh ar Jose Aldo i Las Vegas mí Iúil.

Chonaic muid uilig an seó a chothaigh sé. Na mílte cruinnithe san Ionad Comhdhála, iad ar fad ag síonaíl ag tacú leis an Notorious, ag léiriú a sástachta nuair a chaith sé spalaí i dtreo Aldo. Chaill siad guaim uilig orthu féin nuair a ghoid sé an bheilt ó Aldo.

Conor McGregor an-difriúil a chonaic na meáin cúpla uair an chloig roimhe sin. Mar is gnách, labhair na meáin lena chéile ag fiafraí cérbh iad na ceisteanna a bheimis ag cur air. Chas siad i mo threosa agus mhínigh mé dóibh go mbeadh mo chuid ceisteanna féin agamsa agus gur i nGaeilge a bheadh mé á gcur. “An bhfuil craiceáil ort?” a dúirt iriseoir amháin. “Maróidh sé tú,” a mhaígh iriseoir eile.

I ndáiríre, bhí beagán imní orm féin faoin mbealach a bheannódh trodaí mór le rá, a bhfuil cáil bainte amach aige as ucht a bheith gránna ionsaitheach, roimh iriseoir ag iarraidh Gaeilge a bhaint as.

READ MORE

Chuala muid na ceamaraí. Bhí sé ag teacht. Anall le Conor McGregor, go séimh, ag gabháil a leithscéil mar go raibh sé déanach. Thug sé caidéis don drochaimsir agus rinne sé iontas faoi chomh mór agus a bhí an tIonad Comhdhála, ag rá gurbh é a chéad uair aige istigh sa bhfoirgneamh. Cúpla soicind ciúnais ansin, go dtí gur thosaigh iriseoir amháin á cheistiú. Thug mé suntas go raibh sé iomlán difriúil ó na físeáin a chonaic mé de, ag tabhairt saca a chuid céilithe comhraic go muiníneach, lán dó féin, lán le gaoth agus gaisce.

D’imigh cúpla nóiméad agus dúirt mé liom féin go raibh sé in am agam féin tús a chur le mo bhabhta féin le Conor McGregor. In áit streachailt le trodaí eile, bheadh air tarraingt as sean-armlann Ghaelach.

Bhí a fhios agam gur fhreastail sé ar Ghaelscoil fadó ó shin, ach leis an taithí atá agam tar éis na mblianta a chaitheamh ag treabhadh ghort na Gaeilge, bhí a fhios agam gur dhóigh nach mbeadh a chuid Gaeilge an-líofa gan beagán cúnaimh.

Dá mbeadh a chuid Gaeilge lag, bhí faitíos orm go gceapfadh sé gur ag magadh faoi a bhí mé, agus go dtí seo, níor chas mé ar aon duine a chuaigh sa bhfáinne le McGregor agus a chuaigh go maith dóibh.

Tháinig an t-am. “Conor, conas atá tú?” a dúirt mé. Aon duine a chonaic na físeáin ar an idirlíon sna huaireanta ina dhiaidh sin, tá a fhios agaibh céard a thit amach. Bhain sé spraoi as.

Cinnte bhí a chuid Gaeilge meirgeach, mar a dúirt sé féin, ach cosúil lena chuid troda, bhí sé sásta tabhairt faoi, triail a bhaint as, agus coinneáil leis.

Sa deireadh, bhí sé in ann a rá go simplí go raibh sé ag súil leis an troid agus go raibh sé chun Aldo a bhuaileadh sa cheann lena chois. Dúirt sé freisin go mbeadh Aldo leagtha aige taobh istigh de ceithre nóiméad.

Bhí sé soiléir gur thuig sé gach a bhí le rá agam, go raibh struchtúr na Gaeilge fanta leis agus go mbeadh sí ar bharr a theanga aige le beagán cleachtaidh. Is iomaí duine mór le rá nach mbeadh chomh flaithiúil lena chuid ama agus a bhí Conor McGregor agus is cinnte go bhfuil go leor amuigh ansin nach mbeadh sásta a bheith ag streachailt ar thóir focail os comhair leathchéad duine agus ceamaraí.

Ach ba chuma leis. Dúshlán eile, a dúirt sé. Ghinn sé poiblíocht dearfach dósan agus don Ghaeilge. Mar a dúirt iriseoir amháin liom, ní minic a bhíonn Conor McGregor i sáinn, ciúnaithe ag easpa focal.

Cé go bhfuil na trodaithe san UFC láidir, aclaí, glic, is seó mór agus luachmhar é freisin. De réir liosta Forbes de na brandaí spóirt is luachmhaire ar domhan, is fiú $1.65 billiún an spórt. Luann daoine a cháineann é an cineál iompair a bhí ar bun ag an slua san Ionad Comhdhála oíche Chéadaoin seo caite agus iompar McGregor. Droch-iompar dímheasúil, a deir go leor. Is lúthchleasaí iomráiteach é an Notorious.

Is aisteoir é Conor McGregor, aisteoir a d'fhéadfadh a shaibhreas a dhéanamh an samhradh seo, go háirithe má chuireann sé Aldo de dhroim seoil sa chéad bhabhta, mar a gheall sé i nGaeilge an tseachtain seo caite. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh