Úrscéal nua bleachtaireachta scríofa ag Anna Heussaff

Seolfar úrscéal nua bleachtaireachta le Anna Heussaff, Scáil an Phríosúin (Cló Iar-Chonnacht), Dé Máirt, 10ú Samhain ag 7pm in The Patriots Inn, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath.

Seo an tríú húrscéal bleachtaireachta do dhaoine fásta le Heussaff.

Baineann an scéal seo le dhá dhúnmharú faoi leith san áit chéanna, Príosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Tréimhse 100 bliain atá idir an dá choir ach cén ceangal atá eatarthu?

Thosaigh Heussaff ag scríobh go cruthaitheach sa bhliain 2002 agus tá cúig úrscéal Ghaeilge dá cuid i gcló: dhá úrscéal bhleachtaireachta do léitheoirí fásta, Bás Tobann agus Buille Marfach; dhá úrscéal mistéire do léitheoirí óga in aois 10-14 bliain, Vortex agus Hóng agus úrscéal grá comhaimseartha d'fhoghlaimeoirí fásta, Cúpla Focal.