An Mhí mhallaithe

Is ait an mac nó an boc nó an taibhse í an chuimhne.

Tá go leor ainmneacha ar an mí seo againn faoi láthair. Mí an Mheithimh an teideal oifigiúil, ach bhíodh Mí Mheán an tSamhraidh air, leis. Mí na Féile Eoin chomh maith. Ní fios, gan amhras, cén Eoin atá i gceist leis sin mar is liosta siar amach atá iontu mar Eoiníní naofa – Eoin Baiste, is léir, Eoin an tsoiscéalaí a scríobh an cuntas diamhair sin a thosnaíonn ‘I dtosach bhí an briathar, agus bhí an briathar i bhfochair Dé’, sliocht nach dtuigeann aon duine, nó Eoin na hÉigipte, nó Eoin balbh, nó Eoin Crisostamam, nó an Pápa Eoin (an chéad duine díobh).

Tá an tÓgmhíos air in Albain, rud a thugann gealadhram agus uain ag princeam ar na bánta i gcuimhne dhuit, ach ina choinne sin is é Mean Souree atá air sa Ghaelg Mhanannach, rud a thabharfadh le fios gur mí sprionlaithe agus searbh atá ann mura dtuigfí an teanga.

Tharlódh an ceart a bheith acu, mar is í an Mhí Mhallaithe í do na daltaí sin go léir a bhfuil scrúdú na hardteistiméireachta á dhéanamh, nó á fhulaingt acu faoi láthair.

Is ait an mac nó an boc nó an taibhse í an chuimhne. Bíonn cuimhne ag gach n-aon ar an gcéad lá ar scoil (más iontaoibh iad gach dírbheathaisnéis Ghaeltachta), ar chéad thuras go Santa Claus, ar an gcéad phóg, ar an gcéad thoitín laistiar den chlaí (nuair a bhí sé reibiliúnach agus cúl iad a chaitheamh), an chéad duais a bhain tú i gcrannchur scoile, an chéad uair nuair a tuigeadh duit nach raibh Santa ann, an chéad turas eitleáin nó ar dhroim asail (ag brath cén aois agus cárbh as duit), an chéad uair gur bhuaigh do chontae craobh na hÉireann (rud nár tharla do chách, tá's agam), an chéad uair gur bhuaigh do chontae an dúbailt san iomáint is sa pheil san aon bhliain amháin (ceart go leor, tá sin níos teoranta fós) ach ní hionann iad agus do chuimhne ar chéad lá na hardteistiméireachta.

READ MORE

Murab ionann agus gnáthchruinniú ógánach agus déagóirí a bhíonn ag preabadh le fuinneamh is le diabhlaíocht bíonn na baiclí beaga lasmuigh de halla an scrúdaithe chiúin, go minic táimeáilte, is go dearfa éiginnte. Fágtha sa bhaile bíonn an toirtéis sin is dual.

Ina áit tá súile amhrastúla, daoine ag faire a chéile. An duine sin thall a mhaíonn nach bhfuil pioc staidéir déanta aige, ach a bhfuil a fhios agat go bhfuil coinneal an mheán oíche caite thar an orlach. An ghirseach sin nachbhfuil aithne cheart agat uirthi a bhfuil straois an eolais uirthi ach gurb eol duit go bhfuil sí chomh tiubh leis an Mangartain. An múinteoir ag smúracht thart le dea-mhéin ach arbh fhearr leat é a bheith bailithe leis.

Ina dhiaidh sin, ciúnas marfach halla an scrúdaithe. Na feitheoirí gan leid ina n-aghaidh chomh rúindiamhrach leis an gcosmas lasmuigh. An dáileadh mall agus gan cead iad a iompáil aníos mar cheisteanna pháipéir scrúdaithe. Ansin, an gunna tosnaithe, agus gach duine ag grinneadh go géar. Liú áthais ó neach sa chúinne. Rud éigin a thaitn leis a tháinig aníos. Osna ón té id aice. Duine thall ag caitheamh a shúile in airde san aer. Cogan géar ar bhaidhreo nó ar pheann. Dearmad glan ar gach comhairle dar cuireadh ort riamh. An feitheoir ag siúl suas síos mar a bheadh ina rí ar an domhan.

Ar aghaidh leat ina ráig. Eolas na mblianta nó screamh bheag na seachtaine seo caite a bhailigh tú ina sifíní á bhreacadg síos agat, pé ord ina sileann ó do pheann. Ceist amháin déanta. Scata eile le dul. Scríobh, scríobh, scríobh! Béic an chlabhsúir. Deireadh déanta!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar