An taobh mícheart den stair

Is fíor go bhfuil go leor den saol ag dul i bhfeabhas.

Bíonn tuiscintí réimiúil i ngach aon aois agus i ngach aon phobal nach ndéantar iad a cheistiú. Ní hé nach ndéanfaí sin dá gceapfaí nár chuid den nádúr iad. Ach is páirt den aeráid iad, páirt de smior is de chnámh na linne nach leomhfadh aon duine a bheith beo ina aigne á gceal.

Ar éigean go gcreideann an Marxach is diongbháilte féin go bhfuil an stair ag gluaiseacht ar rothaí réamhshocraithe chun deachtóireacht na prólatáireachta go heolaíochtúil, agus cé go dtugann lucht na Raptúire dátaí éagsúla le teacht na hapacailipse agus le deasghabháil na bhfíréan go neamh bhí dul amú orthu uile go léir go dtí anois.

Mar sin féin tá sé buailte isteach i meon na linne go bhfuil gluaiseacht áirithe faoin stair, gluaiseacht atá ag dul in aon treo amháin, agus sin chun feabhais. Ceart go leor, táthar admhálach ann go mbeidh drischosáin fan na slí – bláthú na cruinne, an cogadh san Úcráin, gorta i gCorn na hAfraice – ach faithní beaga is ea iad sin ar mhachaire leathan an dul chun cinn choitinn. Mura mbeadh sin ní bheadh páirtithe polaitíochta nó gluaiseachtaí pobail nó smaointe sóisialta a gceanglaítear ‘forásach’ leo, nó a mhalairt. Is é sin le rá, ní mian le daoine anois gan léim ar an gcarbad ina bhfuil na luachanna forásacha sin go léir á n-iompar, ar eagla go bhfágfaí ar ‘an taobh mícheart den stair’ iad.

Scéal liom dóibh: níl a leithéid de rud ann agus taobh ceart nó éigeart den stair. Níl ann ach go dtarlaíonn rudaí, ceann i ndiaidh a chéile, agus maidir le patrún de shaghas ar bith tá sin scríte i ndúch folaigh ar phár aineoil.

READ MORE

Is fíor go bhfuil go leor den saol ag dul i bhfeabhas. Is beag duine anois nach bhfuil níos fearr as ar mhíle slí ná a sheantuismitheoirí. Tá i bhfad níos mó ar eolas ag an domhan mór agus an t-eolas sin ar fáil go saoráideach. Níl teorainn lena bhfuil d’iontais fionnachtana sna heolaíochtaí á sluaistiú chugainn in aghaidh an lae.

Is ea, cnuasaíonn an eolaíocht brobhanna agus cairn tuisceana, ach fanann luachanna agus nádúr an duine mar an gcéanna. Níl aon slat tomhais againn leo siúd a mheas ar scála oibiachtúil a mbeadh glacadh leo ag cách. Fearann aighnis is ea luachanna an duine i gcónaí. Méadaíonn eolas, ach maireann an neamhréasún.

Buaitear cogaí machnaimh, ach filleann siad faoi chló eile i bhfad na haimsire. Chaith an t-inlightinmint an-chuid dua deireadh a chur le céasadh príosúnach, ach lenár linn féin tháinig lucht dlí ardmheabhrach de chuid na Stát Aontaithe agus chruthaigh siad go raibh a leithéid go breá sibhialta incheadaithe. Cuireadh deireadh leis an sclábhaíocht trasna an Atlantaigh, ach tá gáinneáil ar dhaoine ó na tíortha bochta ar siúl go rábach. Ní ghluaiseann an oiread sin misinéirithe amach d’fhonn an Chríostaíocht a scaipeadh níos mó, ach tuirlingíonn misinéirithe ón IMF agus ón mBanc Domhanda ar fud na cruinne. Is beag againn dochtúirí draíochta ag iarraidh léamh orainn le fada, ach tá asarlaithe nua againn a dhéanann an rud céanna ar airgead mór; tugaimid síceolaithe orthu.

An breithiúnas a thug Cúirt Uachtarach na SA maidir le rochtain ar ghinmhilleadh an tseachtain seo caite, taibhsítear do dhaoine gur cor in aghaidh ghluaiseacht na staire é. Tá sé i ndán, dar leo, nuair a thiocfaidh ciall agus solas, go gcasfar sin arís ar ais agus go leanfar ar bhóthar mór an chirt.

Ach cuir i gcás nach mar sin atá? Cuir i gcás gurb é a mhalairt a tharlóidh agus go bhféachfar ar gach a mbaineann leis an daonnachas liobrálach mar earra seanchaite, cúlánta, neamhfhaiseanta, barbartha.

Cad a bheidh forásach dul-chun-cinniúil ansin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar