Pax in Terra

D’fhás na hailt ag tathant orainn dul isteach in Nato as cuimse ar nós dreancaidí i bpoll ascaille bréan.

Thug an t-ionsaí a dhein an Rúis ar an Úcráin speach mhór mhisnigh do na fir agus na mná gunna inár measc. D’fhás na hailt ag tathant orainn dul isteach in Nato as cuimse ar nós dreancaidí i bpoll ascaille bréan. Bhíothas ag sairsingiú orainn gur chóir náire agus ceann faoi a bheith orainn toisc nach rabhamar sásta a bheith páirteach sa chomhghuaillíocht sin atá ag cosaint na saoirse agus an daonlathais ar fud an domhain.

Nuair ba léir nach raibh an leagan amach sin á shlogadh toisc nach rabhamar maitiúir go leor laghdaíodh ar an amas agus cromadh ar an Arm Eorpach mar sprioc ina áit. Tar éis an tsaoil, ní fhéadfaimis gan a bheith deonach preabadh inár seasamh chun cosanta sa chás is go ndéanfadh gealt éigin ionsaí ar an Tuirc nó ar an Lucsamburg. Dúisíodh taibhrithe de chabhlach na Rúise ag gluaiseacht amach as Taganrog, ó dheas trín Muir Dhubh, tríd an Bosporus, thar chaolas Gibraltar siar, ó thuaidh fan chósta na Poirtingéile agus na Fraince chun ionradh a dhéanamh ar Oileán Dairbhre nó shurfálaithe Leacht Uí Chonchúir. Ba ghá na milliúin gan teorainn a chaitheamh ar an arm, ar an aerfhórsa agus ar shlua na farraige feasta.

Idir an dá linn foilsíodh Innéacs Síochána an Domhain don bhliain seo 2022. Mí ó shin, i lár an Mheithimh istigh. Is é atá ann staidéar ar 163 tír nó stát neamhspleách d’fhonn a leibhéal síochána a mheas, 23 táscaire in úsáid acu. Ina measc siúd tá míliteacht, slándáil, corraíl pholaitiúil, coireanna, páirtíocht i gcoinbhleachtaí idirnáisiúnta agus go leor eile.

Tuigim go mbíonn amhras ar na comparáidí idirnáisiúnta seo i gcónaí, agus cúis leis sin go minic, ach nuair a fheiceann tú go bhfuil an Afganastáin i dtóin an phota ar fad, agus an Éimin áit a bhfuil cogadh fíochmhar á fhearadh ar a shála, déarfá nach foláir nó tá bun éigin leo. Agus sea, ghluais an Úcráin agus an Rúis i dtreo an ghrinnill chomh maith, ní nach ionadh, rud a thaispeánfadh go meáitear fianaise na súl oscailte, go háirithe nuair atá sé soiléir.

READ MORE

Ba dhóigh leat chomh maith go mbeadh rialtas ar bith mórálach as a seasamh dá n-áireofaí a chríoch mar áit shuaimhneach, shábháilte, shíochánta gan chontúirt isteach agus gan bhagairt amach. Ba dhóigh leat go mbeadh sin á shéideadh mar stoc na cruinne timpeall an domhain. Ba dhóigh leat go mbeadh sé ar chéad leathanach na nuachtán, ar chinnlínte na nuachta ar feadh seachtaine agus go bpléifí é mar mhír speisialta ó cheann ceann an lae ar RTÉ idir raidió agus theilifís.

Deirtear liom aduaidh go bhfuil an Íoslainn gan a bheith leasc a maitheasaí síochána a phoibliú, bíodh go dtuigfí dá mbeidís bréan de faoi seo toisc gurb í seo an 15ú bliain as a chéile a bhfuil an chraobh sin leagtha orthu. Tá an Nua-Shéalainn sa dara háit rud a chuirfeadh iontas ort nuair a fheiceann tú an Haka ach tá léirithe anois nach bhfuil mórán díobhála ansin.

Agus tomhas leat cé atá sa tríú háit ar domhan ar fad mar a ritheann? Sea, an stáitín againn féin, an triú stát is síochánta soir siar agus sna ceithre hairde, agus déarfá mura mbeadh cuid de na buíonta drugaí go mbeimis níos airde fós. Agus ó d’fhiafraigh tú, tá an Bhanríocht lámh linn sa 34ú háit, agus ár máistrí thiar sna Stáit Aontaithe in áit 129 agus ag dul le fána síos.

Agus as lár an locha shuaimhnis seo táthar chun méadú ar chaiteachas míleata, ar ghiúirléidí cogaidh, ar bhréagáin uile an bháis, gan trácht ar an iarracht, braon anuas ar bhraon anuas, sinn a réiteach do na comhghuaillíochtaí Nato agus Arm Eorpach nuair a oirfidh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar