Cead tugtha do chainéal nua Cúla4

Beidh cláir nua siamsaíochta mar chuid den ábhar a chraolfar ar an gcainéal nua

Tá cead tugtha ag an Aire Catherine Martin do chainéal nua do dhaoine óga.

Tá sé i gceist go gcraolfar Cúla4 ar Saorview óna 6am go dtí 8in agus beidh cláir nua siamsaíochta mar chuid den ábhar a chraolfar ar an gcainéal.

Go dtí seo bhí ba é Cúla4 branda TG4 do dhaoine óga. Craoltar Cúla4 faoi láthair ar TG4 ón 7am - 10am agus arís ó 3in - 5in ach ní fios fós an gcuirfear ábhar nua ar fáil ina áit nuair a chuirfear tús leis an stáisiún nua.

Tá sé i gceist an cainéal nua Cúla4 a sheoladh an bhliain seo chugainn.

READ MORE

D’fhógair TG4 anuraidh go raibh sé i gceist an cainéal a bhunú chun seirbhís Ghaeilge a láidriú do pháistí. Lorgaíodh tuairimí an phobail ar an gcainéal nua ag tús na bliana seo mar chuid de thaighde a rinne TG4 i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ag cur fáilte roimh nuacht an lae inniu, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, gur gá freastal ar an aos óg le hábhar iontaofa.

“Tá na meáin ríthábhachtach d’fhorbairt thuiscint, dearcthaí agus rannpháirtíocht leanaí sa tsochaí,” a dúirt sé i ráiteas.

“Caithfimid freastal ar leanaí agus daoine óga i spásanna sábháilte le hábhar iontaofa.”

“Tá ról ar leith ag craoltóirí seirbhíse poiblí ina leith seo ach tá dúshlán breise roimh na meáin Ghaeilge agus iad in iomaíocht le haghaidh lucht féachana i margadh meán domhanda agus Béarla den chuid is mó,” a dúirt sé.

Dúirt ard-stiúrthóir TG4 go bhfuil “ról tábhachtach” ag an stáisiún agus ag na meáin Ghaeilge “i gcur chun cinn féiniúlacht agus saibhriú na bpobal Gaeilge agus i dtacú le tarchur na Gaeilge ó ghlúin go glúin.”

“Mura dtacaítear leis na meáin Ghaeilge agus mura bhfuil siad feiceálach, so-aimsithe agus tarraingteach, tá an baol ann go gcaillfidh siad ábharthacht, go háirithe do lucht féachana óg na hÉireann atá ag fás aníos i dtimpeallacht na meán domhanda,” a dúirt sé.

“Anois níos mó ná riamh, ní mór do TG4 ábharthacht ábhar Gaeilge a mhéadú agus freastal agus spreagadh a thabhairt don lucht féachana óg a chinnfidh todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail.

“Caithfimid seirbhísí TG4 do leanaí a shaibhriú, caidreamh leanaí le TG4 a neartú agus, leis sin, a gcaidreamh leis an nGaeilge a bhuanú.”

Ceapadh Karina Feirtéar mar bhainisteoir ar Cúla4 agus Niamh Ní Chróinín mar láithreoir nua ar an tseirbhís níos luaithe i mbliana.

Chuir TG4 fáilte inné roimh fhógra an rialtais sa cháinaisnéis go mbeidh €7.3m de mhaoiniú breise do TG4 in 2023.