Fill arís

Is maith linn an cúlscéal agus an chomhcheilg.

Bhíodh amhrán á chraoladh ó challairí gluaisteáin le linn toghcháin nuair a bhí Charlie Haughey ina shea, ‘Arise and follow Charlie’. Is ar mhúnla amhráin Sheacaibítigh a cheoltaí é, amhrán misnithe do na hAlbanaigh éirí suas agus ‘Rí na Muice’ Gearmánach a dhíbirt d’fhonn an Phrionsa Charles Edward Stuart a chur ina áit san 18ú haois. Nuair a theip air siúd tar éis an áir agus an ghlanadh eitnigh bhíothas ag súil fós go bhfillfeadh sé in arm is in éide le gunnaí tréana agus lámhach na bpiléar. Chuige sin amhrán ar nós ‘Will he no’ come back again.’

Níor tháinig.

Ní cuimhin liom aon amhráin dá samhail i gcás Haughey. Nuair a d’imigh sé d’fhan sé imithe. Imithe gan filleadh. Fógraíodh iarsma air, agus b’in sin.

Níl aon duine ag iarraidh ar Nicola Sturgeon teacht ar ais fós, filleadh beag nó filleadh mór. Táthar ag breacadh leo ar mhachaire gallda na meán cé acu dá toildheoin féin a d’imigh sí nó a mhalairt. Tá taibhsí Titus Oates agus Lee Harvey Oswald ar crochadh i gcónaí os cionn aon athrú polaitíochta nach bhfuil míniú furasta le déanamh air in ainneoin fáinní geala na fianaise. Is maith linn an cúlscéal agus an chomhcheilg. Bean chiallghlan is ea Sturgeon agus tá bóithre eile le taisteal aici fós.

READ MORE

Ní rud annamh ná fánach ann féin é polaiteoir ag éirí as beag beann ar scannail nó ar chúbláil airgid. Tá cuid acu daonna, mar a dúirt Sturgeon, agus ní cúrsaí iontais é go n-éiríonn siad bailithe uaireanta, bréan uaireanta eile, agus dúdhóite arís eile den saol ina n-iarrtar orthu go laethúil nithe a chur i gcrích atá dodhéanta, nó neachtar acu, in aghaidh na dlí.

Is mó de chúrsa iontais é an polaiteoir a dhéanann iarracht ar theacht ar ais agus go n-éiríonn leis.

N’fheadar aon duine cén fuadar atá faoi Bhertie Ahern agus é ag ceangal arís le FF. Tá tuairimithe go bhfuil a shúil aige ar an Uachtaránacht, mar cad fáth eile a thiocfadh polaiteoir ar ais arís chomh poiblí sin? Tá go daingean mar thuairim i measc an phobail gur ag tochas a ghearbóige féin atá gach duine díobh agus mar sin de nach foláir amas a bheith aige ar an ngradam is airde sa tír. Bertie féin, mar is dual dó, is ag fódóireacht timpeall ar an scéal atá sé gan seo ná siúd á rá.

Cuirtear dhá rud mhóra sa mheá timpeall ar a sheans: daorbhreith bhinse fiosraithe Mahon a chaith amhras mór ar a iompar agus é ina aire airgeadais, agus ina choinne sin thall, an gaisce le foighne a dhein sé Comhaontú Aoine an Chéasta a bhualadh amach. Táthar ag súil go ndéanfar dearmad ar a laigí i réimse amháin fad is go mórfar a chumas sa réimse eile.

Thar aon rud eile, áfach, tá sé á mhilleánú go tréan maidir leis an teip mhór eacnamaíochta, nó mar is cirte, gadaíocht mhór na mbancanna sa bhliain 2008. Seo rud amháin nár cheart leagadh air. Má bhí go leor ar dhein sé gráiniúil baoth dar leis an mbinse fiosraithe, ní féidir bás an tíogair mhallaithe cheiltigh a chur ina leith.

Dhein muintir an stáit é a thoghadh mar Thaoiseach trí huaire, tugadh cuid de na vótaí ba mhó a fuair polaiteoir ar bith riamh dó ina dháilcheantar féin, bhí an pobal go láidir laistiar de, d’aontaigh an freasúra le gach ar déanadh mar pholasaithe agus bhí muin na muice níos plódaithe ná mar a bhí riamh.

An amhlaidh nach raibh lánfhios ag daoine cad a bhí ar siúl acu? Mura raibh, arbh amadáin chruthanta iad, agus cén fáth?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar