Deis chun íomhá na tíre a threisiú thar lear?

Fógraíodh go bhfuil ainm oifigiúil ar pháirc náisiúnta sa Bhreatain Bheag le hathrú ón leagan Béarla go Parc Cenedlaethol Bannau Brycheiniog sa Bhreatnais

Tá léirithe spéise á lorg ó iarratasóirí oiriúnacha chun ballraíocht a ghlacadh sa Choiste Logainmneacha nua atá le ceapadh go luath.

Tá sé mar phríomhchúram ar an gcoiste comhairle a thabhairt do na húdaráis maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Déanfaidh an coiste faisnéis maidir le logainmneacha a sholáthar don phobal agus do chomhlachtaí poiblí. Ach an mian leis na húdaráis agus na comhlachtaí poiblí an deis a thugann sé sin dóibh íomhá na tíre a láidriú agus a threisiú thar lear?

Mar shampla, fógraíodh le déanaí go bhfuil ainm oifigiúil ar pháirc náisiúnta sa Bhreatain Bheag le hathrú ón leagan Béarla, Brecon Beacons National Park go Parc Cenedlaethol Bannau Brycheiniog sa Bhreatnais.

READ MORE

Ní hé an chéad uair é gur athraíodh ainm ar pháirc náisiúnta ar ais go teanga dhúchais na tíre sin agus gur caitheadh an leagan iasachtach i dtraipisí. Socraíodh anuraidh go mbainfí úsáid as na hainmneacha Eryri agus Yr Wyddfa mar ainmneacha oifigiúla ar shliabhraon Snowdonia agus ar an sliabh ar ar tugadh Snowdon tráth dá raibh.

Dar ndóigh, is minic a luann lucht na Gaeilge uaillmhian rialtas na Breataine Bige (áit a bhfuiltear ag gníomhú chun milliún cainteoir Breatnaise a bheith ann faoi 2050) agus an tacaíocht a thugtar do phobal labhartha na Breatnaise sa tír.

Is léir go n-aithníonn údaráis na tíre sin an dlúthcheangal idir teanga agus timpeallacht. Nuair atá gaisce déanta, caithfear moladh a thabhairt!

Fearacht na hÉireann abhus, tá fréamhacha chultúr na Breataine Bige inmheánaithe i saol na tíre. Tá oidhreacht luachmhar fite fuaite sna hainmneacha dúchasacha ar bhailte, ar aibhneacha agus ar shléibhte. Céim mhór chun cinn ar son stádas idirnáisiúnta na Breatnaise iad na hathruithe atá á gcur i gcrích.

Tugann siad le fios gur féidir oidhreacht choilíneachta, chomhshamhlaithe, tréan an Bhéarla a chur ar leataobh.

Seachas an teanga dhúchais a bheith i bhfolach nó in úsáid go doicheallach, nárbh fhearr go mór urraim a thabhairt di anseo freisin agus deis a thabhairt do chuairteoirí tuiscint a fháil uirthi agus ar chultúr ársa na tíre.

Ba mhór an méid é sin.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.