Tuirlingt tuairime

Thug Charlie Flanagan tamall grinn dúinn nuair a mhol sé gur cheart na Dúchrónaigh a chomóradh mar chuid den chuimhne ar Chogadh na Saoirse

Ó am go chéile tarlaíonn sé gan choinne. Ní bhaineann beag ná mór le haon cheann de ghéarchéimeanna na huaire – na billiúin bhreise ar thaibhse ospidéal na leanaí, scannail na tithíochta, na céadta á mbá go rialta i loch an bháis sa Mheánmhuir, cor RTÉ féin – ach le tuairim fhánach a thuirlingíonn anuas nó aníos nó aniar le gaoth a shéid an púca isteach.

Tharla a leithéid do Conor Cruise O’Brien fadó nuair a mhol sé gur cheart dúinn an BBC a chraoladh mar chainéal nua Éireannach in áit RTÉ 2, ach chun a cheart a thabhairt don Chruiser bhíodh smaointe mar sin á thál aige chomh fras leis na míoltóga oíche shamhraidh.

Thug Charlie Flanagan tamall grinn dúinn nuair a mhol sé gur cheart na Dúchrónaigh a chomóradh mar chuid den chuimhne ar Chogadh na Saoirse.

Agus le déanaí bhuail poc gréine nó taom fantaisíochta an teachta dála Patrick Costello agus é ag moladh gur chóir lá saoire náisiúnta a dhéanamh d’Iúil 12, féile mhór na nOráisteach.

READ MORE

Fág an stair i leataobh go fóill, sa domhan mór nua liobrálach oscailte trédhearcach uileghabhálach inclúisibhiúil iomchuimsitheach seo, tá sé ag iarraidh orainn ionad onóra faoi leith a thabhairt d’eagraíocht a chuireann cosc ar Chaitlicigh a bheith ina mbaill di.

Ceart go leor, arsa tusa, níl iontu ach Caitlicigh agus dhein siad an iomad dochair cheana féin, ní féidir go bhfuil na hOráistigh inlochtaithe mar gheall ar sin.

Ach níl cead ach an oiread ag na Mormannaigh, ná Finnéithe Iehova, ná na hÚinitéirigh, ná muintir Chumann na gCarad clárú leo.

Go fiú na Caitlicigh sin a chíonn an solas agus a iompaíonn ar theagasc Liútair agus Chalvín is le mórdhua agus go fíoreisceachtúil a scaoiltear isteach iad tar éis móramh de 75 faoin gcéad de vóta ar a son. Agus mar bharr ar an maitheas, an té a phósann Pápaire, tá sé siúd lasmuigh den doras agus é daingnithe ina choinne gan cead aige an tsais a chaitheamh ná an druma mór a bhualadh feasta.

Fairis sin, ní thig le bean a bheith san Ord Oráisteach le ceart ach an oiread. Nó d’fhonn a bheith níos cruinne, caithfidh siad a bheith ina mbaill de lóistí faoi leith ban ar eagla go gcuirfeadh siad as don fhearúlacht.

Níos fearr fós, tá bac go hiomlán ar mhná dul isteach san Royal Black Institution ar leanbh de chuid an Oird Oráistigh é.

Tá áthas orm go bhfuil Patrick Costello tiomanta ar chur le cothromaíocht inscne ar an gcuma éagsúil seo, gan trácht ar chaoinfhulaingt chreidimh agus ar chomhthuiscint reiligiúin.

N’fheadar, ach an oiread, cad iad na leabhair staire á bhí á léamh aige. Teagascadh stair a bhí ‘isolationist, militant, nationalist and Catholic’ adeir sé le poimp.

Is ea, bhíomar leithliseach agus oileánda, cé gur sheolamar na milliúin dár muintir ar fud an domhain, agus go raibh misinéirí go rábach ar gach ilchríoch, agus saighdiúirí na hÉireann ag fónamh d’airm éagsúla ríthe agus prionsaí na hEorpa ó na hÚrail anoir.

Fág éirí amach 1798 as an áireamh, ar éigean gur ardaíodh píce a raibh beann air ar feadh 200 bliain ó aimsir a rí Bilí go dtí Cogadh na Saoirse, an-mhíleata go deo! Maidir le ‘náisiúnach’, sin é a dhéanann náisiúin, seasamh dóibh féin, agus mo thuairim féin agus cúpla céad milliún corpán gur mó is inmholta é sin seachas a bheith impiriúlach.

Bheadh amhras ort faoi na Caitlicigh sin Wolfe Tone, Robert Emmet, Henry Joy, agus Blythe agus Barton, gan trácht ar chéad Uachtarán na Poblachta, Dubhghlas de hÍde agus agus...

Rachadh ded dhícheall a thuiscint cén sifín ar an aer a sheolann amaidí gan dealramh isteach i gcloigeann pholaiteora. Faraor géar cráite, is dócha go gcloisfear tuilleadh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar