Cé mhéad atá muid sásta a dhéanamh ar mhaithe le turasóirí a mhealladh?

Sa bhliain 1957, bhí go leor ann nach bhfeicfeadh an turasóir agus bhí roinnt a bhí faoi cheilt ar mhuintir na tíre féin.

Foclóir: Gleoite – pretty/delightful; saol an mhada bháin – the life of Reilly; duganna – docks; cruógach – busy; snasta – polished; neachtlann – laundry (works); Fódla – Ireland; Abhainn na Gaillimhe – River Corrib; amh - untreated/raw.

Céard a ritheann linn nuair a amharcann muid ar phictiúir nó ar phíosaí scannáin ón am a caitheadh? “Nach acu a bhí an saol,” b’fhéidir, nó “Na créatúir, ní raibh mórán acu ach bhíodar sona.” Dar ndóigh, braitheann sé ar céard a chuirtear os ár gcomhair agus ar an mbealach ina ndéantar sin.

Roinnt míonna ó shin, taispeánadh dhá ghiota scannánaíochta de Ghaillimh is de Bhóthar na Trá sa bhliain 1957 ar chuntas an Irish Daily Times ar an gcóras giolcaireachta Twitter agus ar YouTube.

Is aoibhinn iad na radhairc atá sna gearrscannáin daite úd agus is gleoite an dealramh atá ar Chathair na dTreabh agus ar a bruachbhaile.

READ MORE

Is léir gurb é an samhradh atá ann agus tá cuma na gréine agus de shaol an díomhaointis ar go leor atá ar taispeáint: beirt bhan óga gléasta go faiseanta agus iad ag siúl cois Coiribe trasna ón mBalla Fada; gasúir ag spraoi ar shráid taobh na canála; máthair i ngreim láimhe ar dhuine dá beirt ghasúir agus iad ag siúl trí Dhoras de Bhrún ar an bhFaiche Mhór; beirt leads óga thíos ag na duganna áit a bhfuil bád Árann, an Dún Aengus, ceangailte le balla. Tá radharc breá ann den mhargadh thart ar Eaglais San Niocláis, “day-old chicks” ar díol ann, i measc earraí eile.

Tá cuma na maitheasa ar chuile rud. Nach cruógach atá na sráideanna agus nach álainn an saol atá ag muintir na cathrach aoibhne seo cois farraige.

Nach nua-aoiseach a bhreathnaíonn an t-ospidéal a tógadh dhá bhliain roimhe sin ar cholbha thiar na cathrach agus gan ach páirceanna ag síneadh siar uaidh. De réir dealraimh, bhí saol an mhada bháin á chaitheamh ag muintir na Gaillimhe in 1957.

Ach tá rud éigin amú leis na radhairc. Ní airíonn sé go bhfuil an fhírinne ina hiomlán á cur inár láthair. Tá cuma an-slachtmhar agus an-snasta ar chuile dhuine agus ar chuile rud.

Ní raibh mórán cuardaigh le déanamh ar an idirlíon le fáil amach gur bhain an dá ghiota úd le scannán 14 nóiméad a rinneadh do Bhord Fáilte Éireann (mar a tugadh ar an eagraíocht a bhí ann ag an am leis an turasóireacht a chur chun cinn sa tír) faoin teideal Glamour of Galway a stiúir Colm Ó Laoghaire. Tá fáil ar an scannán fógraíochta sin ar líne mar chuid den chartlann atá ag Institiúid Scannán na hÉireann (IFI).

Is beag athrú atá tagtha le 66 bliain ar go leor de na radhairc de na sráideanna agus de hAbhainn na Gaillimhe a thaispeántar sa scannán, seachas i radharc amháin ó bhruach na Coiribe ina bhfeictear foirgneamh mór cloiche sa chúlra, áit a bhfuil Ardeaglais na Gaillimhe anois. Sean phríosún na Gaillimhe, a bhí folamh le fada, is ea an foirgneamh sin agus ba ar a shuíomh a chuirfí tús le tógáil na hardeaglaise an bhliain dár gcionn, in 1958.

Ach ní chuile áit ghéibhinn atá ar taispeáint chomh hoscailte sin sa scannán. Ní i bhfad ón bhFaiche Mhór, ar Shráid Forster, a bhí mná ina bpríosúnaigh agus iad ag obair mar sclábhaithe i gceann de neachtlanna Maigdiléana na tíre. Tá an dualgas ar lucht turasóireachta rudaí áirithe a choinneáil faoi cheilt, mar is cinnte go gcuirfeadh siad as don turasóir.

Sa bhliain 1957, bhí go leor ann nach bhfeicfeadh an turasóir chun na tíre seo agus bhí roinnt a bhí faoi cheilt ar mhuintir na tíre féin.

Insíonn staitisticí na linne sin cuid den scéal dúinn. Bhí an imirce faoi lán seoil sna 1950idí. Idir na blianta 1951 agus 1961 (blianta inar tógadh daonáirimh sa Bhreatain) mhéadaigh líon na ndaoine a rugadh in Éirinn is a bhí ag cur fúthu sa Bhreatain ó 716,028 go 950,978.

Anuas ar sin, d’fhág 8,227 duine an tír seo le dul ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá in 1957. B’in breis agus 2,500 níos mó ná an méid a thug an t-aistear sin orthu féin an bhliain roimhe sin agus an líon is mó daoine a chuaigh chuig na Stáit Aontaithe ó 1949.

Ba é dualgas Bhord Fáilte Éireann, agus na heagraíochtaí a tháinig roimhe agus ina diaidh, turasóirí a mhealladh go hÉirinn. Rinneadh an-jab sa scannán 14 nóiméad úd le Gaillimh a chur ar na súile do dhaoine mar áit le saoire a chaitheamh inti. Is iomaí sin cuairteoir atá meallta ag Cathair na dTreabh sna 66 bliain ó taifeadadh Glamour of Galway.

Tá cathair na Gaillimhe agus cathair Bhaile Átha Cliath lán le turasóirí ó thús go deireadh na bliana anois. Is maith ann iad agus is cinnte go ndéantar roinnt tairbhe astu. Tá áiteanna eile san iarthar agus i lár na tíre atá gann ar chuairteoirí agus atá ar a mbionda ag iarraidh iad a tharraingt ina dtreo.

Ach cé mhéad atá muid sásta a dhéanamh ar mhaithe le turasóirí a mhealladh? Uaireanta, is daor an margadh a dhéantar idir an turasóireacht agus muintir na háite.

Tá iarrachtaí á ndéanamh i gcathracha amhail Barcelona na Spáinne agus Veinéis na hIodáile le srianta a chur leis an róthurasóireacht atá ag déanamh dochair ar go leor bealaí don saol sna cathracha úd.

Bánaíodh oileán Haváí (ag a bhfuil daonra de 1.5 milliún) le turasóirí in 2021 i ndiaidh srianta Covid-19 a scaoileadh. I suirbhé a rinne Roinn Forbairt Ghnó & Eacnamaíochta agus Turasóireachta an stáit úd anuraidh, d’aontaigh 67 faoin gcéad den phobal a ghlac páirt ann leis an ráiteas go bhfuil an t-oileán á rith ar mhaithe le turasóirí agus go bhfuil muintir na háite thíos leis.

Ní dóigh go bhfuil an t-oileán álainn seo Fódla sa bhaol céanna ag an bpointe seo. Ach cé a thógfadh é ar mhuintir lár na cathrach i mBaile Átha Cliath a bheith ag clamhsán faoin oiread sin óstán a bheith á dtógáil sa phríomhchathair le blianta beaga anuas? An ar mhaithe le muintir na háite nó ar mhaithe leis an turasóireacht a dhéanann na húdaráis cinntí i gcónaí?

Tuileann is tránn an taoide agus tagann agus imíonn na turasóirí. Má choinnítear rudaí áirithe faoi cheilt ó thurasóirí, nó má dhéantar iarracht ar sin, nach iad muintir na háite a bheidh thíos leis ar deireadh? Mura bhfuil cuairteoirí curtha ar an eolas faoi na háiteanna turasóireachta timpeall na tíre ina bhfuil séarachas amh a chur i bhfarraige iontu ar eagla nach dtabharfadh siad cuairt orthu is iad pobal na háiteanna sin a bhíonn ag fulaingt leis an bhfadhb de shíor.

Agus is cinnte go bhfuil dualgais ar lucht turasóireachta gan a bheith ag gearradh táillí atá as miosúr ar fad ar thurasóirí chun na tíre seo ar lóistín agus ar sheirbhísí eile.

B’fhéidir go raibh sé níos éasca rudaí áirithe a choinneáil faoi cheilt sna laethanta a bhí. Ach sa bhliain 2023, is deacair na daoine atá gan dídean ar shráideanna na tíre, chomh maith leis na handúiligh bhochta ar shráideanna na príomhchathrach, a cheilt ar cheamara ná ar shúile turasóra ar bith.

* Is féidir teacht ar an scanánn Glamour of Galway anseo: ifiarchiveplayer.ie/glamour-of-galway/